Scoil Spóirt na Bliana Buaite ag Coláiste Ailigh!!

Bhuaigh Coláiste Ailigh an duais do Scoil Spóirt na Bliana 2020 agus gradam Réalt Spóirt Dhún na nGall ar an Aoine. Seo éacht iontach bainte amach ag an scoil agus táimid thar a bheith bródúil agus buíoch lenar imreoirí ar fad in achan ghné den spórt sa scoil agus leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus páirtithe a ghlac na foirne agus na haonaráin spóirt chun tosaigh i mbliana agus thar na blianta. Duais speisialta le fáil agus muid i lár cheiliúradh 20 bliain ar an bhfód!