Comhghairdeas le daltaí Choláiste Ailigh i gComórtas BT Eolaithe Óga na Bliana 2023!

Bhí turas oideachasúil, spraoiúil agus rathúil ag daltaí Choláiste Ailigh i mbliana go comórtas BT Eolaithe Óga 2023 san RDS i mBaile Átha Cliath áit a tháinig siad ar ais le cúig duaiseanna san iomlán!

Bhain Lorcán Ó Fearáil ón dara bhliain an tríú háit ina chatagóir amach lena thionscnamh ar fhorbairt moillithe tine chun cosc a chur ar thintí fíánna. Tá daltaí na chéad bhliana Caolan Mac an tSagairt, Maitiú Ó Fearail agus Daithí Mac Diarmada ag teacht abhaile le duais don dara háit ina chatagóir lena bhfoisriú ar éifeacht ardaithe costaisí bhreosla ar dhearcadh i leith infheistíocht i bhfuinneamh inaithnuaite agus insliú sa teach.

Bronnadh gradam Ard Mholta ar dhá thógra eile, ‘sé sin tógra de chuid Megan Ní Bheirn, Róise Ní Bhaoill agus Síomha Nic Sheáin ar éifeacht lus an phiobair ar luas freagartha i ndéagóirí agus tógra Saoirse Ní Ghallachóir, Sienna Ní Dhaimhín agus Aimee Ní Chaoinnealbháin ar éifeacht díritheoirí gruaige ar láidreacht na gruaige.

Bronnadh dhá Duaiseanna Taispeántais chomh maith ar Lorcán agus ar Saoirse, Sienna agus Aimee.

Tá moladh ard ag dul do Donnchadh Ó Tuairisg agus Eoghan Ó Sibhear freisin ar son a dtionscamh ar an cumas atá ag plandaí éagsúla cosc a chur ar chreimeadh uisce cois abhainn ina raibh an-chuid suim léirithe thar na ceithre laethannta san RDS.

Coláiste Ailigh had a hugely enjoyable and highly successful trip to the RDS for the 2023 BT Young Scientist and Technology Competition this year coming away with five awards in total!

Third place Chemical Physical and Mathematical Sciences junior category went to Lorcán Ó Fearáíl with his project on an ecological liquid flame retardant for the prevention of wildfires.

Second place in the Social and Behavioural Sciences junior category was taken by Caolan Mac an tSagairt, Maitiú Ó Fearail and Daithí Mac Diarmada and their investigation into the effects of rising fuel costs on attitudes towards investment in renewable energy and insulation in the home.

A Highly Commended award went to Sienna Ní Dhaimhín Saoirse Ní Ghallachóir and Aimee Ní Chaoinnealbháin with their project on the effect of hair straighteners on hair strength.

Also Highly Commended were Megan Ní Bheirn Róise Ní Bhaoill and Síomha Nic Seáin with their project on the effect of peppermint on reaction times in teenagers.

Lorcán and Saoirse, Sienna and Aimee’s projects also received display awards for their presentations. 

Maith iad uilig, le h-eolaithe cosúil leo is féidir linn a bheith muiníneach go bhfuil an todhchaí i lámha maithe.