Category Archives: Ocáidí

Buaiteoirí chomórtas Ealaíne Cumann na dTuismitheoirí!

Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas Ealaíne Cumann na dTuismitheoirí! Is é a bhí i gceist ná póstaer a dearadh agus a chruthú ag déanamh fógraíocht ar an rás 5km ar atá ag tarlúint ar an 17 Bealtaine 2023.

Is iad na buaiteoirí ná:

Kellie Ní Dhorraidhín ón Idirbhliain a bhain an chéad áit agus

Eleanor Ní Mhearrgaigh, Máire Nic Giolla Chóín agus Sienna Ní Dhaimhín a bhuaigh duaiseanna aitheantais – Maith sibh!

Comhghairdeas le achan duine a rinneadh póstaer agus buíochas leis an múinteoir Ealaíne, Maistreas Annmarie Ní Chanainn as ucht an tacaíocht agus stiúradh.

Laochra Na Gaeilge

Seo agaibh Laochra na Gaeilge don téarma seo! Roghnaíodh an cúigear seo as ucht a n-iarrachtaí an teanga a chur chun tosaigh i láthair na scoile, sa chlós agus amuigh ag ócáidí seach-churaclaim. Tá duaiseanna aitheantais buaite acu uilig atá tuillte go maith acu! Seo iad ag míniú don phríomhoide, don Mháistir Ó Breacáin agus d’iardhalta agus imreoir foireann peil Dhún na nGall Jeaic Mac Ceallabhuí conas a chuireann siad an Ghaeilge chun cinn agus an tábhacht atá ag an teanga bheo dóibh féin. Maith iad Donnachadh Ó Tuairisg, Maitiú Ó hUiginn, Evan Ó Ceallaigh, Christian Ó Cuireáin Ó Daimhín agus Siné Nic Aoidh! #laochnagaeilge #IsMuidEtbDhúnnanGall

Cluiche leathcheannais Uladh sa pheil

Mí ádh leis an bhfoireann shinsearach peile inniu. Tá gach moladh tuillte acu as ucht an t-éacht fáil chomh fada le cluiche leathcheannais Uladh. Buíochas leis an Máistir Ó Gallchóir a thug stiúradh, am agus inspioráid don fhoireann.

Tá súil againn gur bhain subh sult as Seachtain na Gaeilge – grianghraif anseo!

Bhí coicís den chéad scoth againn i gColáiste Ailigh, ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Idir Gearrscannáin úrnua, seisiún ceoil, malairt ceoil scoile le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, comórtas peile Corn Domhanda leis an chéad bhliain, Seó Dráma sa Halla, An Cailín Ciúin ar siúl sa scoil, comórtas póstaeir, Lá Glas agus ag críochnú suas leis an cheolchoirm ‘Ailleog Ailigh’ sa chearnóg Oíche Chéadaoin. Maith sibh daltaí agus pobal na scoile. Tá súil againn gur bhain sibh uilig sult as na himeachtaí ar fad!