Category Archives: Ocáidí

Searmanais Bronnta na nGradam 2023

Is é, gan amhras, ceann de na hócáidí is taitneamhacha agus suntasacha atá againn sa scoilbhliain ná an deis seo éachtaí agus iarrachtaí ár ndaltaí a cheiliúradh. Buíochas mór lenár Aoi Chainteoir don searmanas, Michelle Nic Grianna ó Radio na Gaeltachta agus do aíonna Iar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ETB Seán Ó Loingeán, Ceann Choláiste ATU Dhún na nGall Paul Hannigan agus iarphríomhoide na scoile Mícheál Ó Giobúin. Seo agaibh grianghraif de na gradaim bronnta:

Buaiteorí duaiseanna 1d áit ag Scifest!

Comhghairdeas mór lenar daltaí ón chéad bhliain a bhain dhá phríomh duaiseanna ag comórtas Scifest ATU inné! Bhain Megan Ní Bheirn, Róise Ní Bhaoill agus Síomha Nic Sheáin duais matamaitice an chomórtais agus ghlac
Saoirse Ní Ghallachóir, Sienna Ní Dhaimhín agus Aimee Ní Chaoinnealbháin an duais don rannóg Fisice a bhaile leo. Éacht mór – Maith sibh! #WeAreDonegalETB #IsMuidETBDhúnnanGall #SciFest

Maidin chaifé ar son ‘Relay for Life’

Seo agaibh blas den mhaidin chaifé a bhí ar siúil sa scoil Dé hAoine ar son Relay for life, eagraithe ag daltaí na cúigiú bliana. Maith sibh gach duine a thug tacaíocht don chúis. #IsMuidETBDhúnnanGall #WeAreDonegalETB #RelayforLife2023

Amhrán na nGael: Daltaí ó Choláiste Ailigh agus daltaí Pobalscoil Ghaoth Dobhair!

Bhí tionscnamh speisialta ceoil ar na mallaibh. Rinne muid amhrán dárbh ainm Amhrán na nGael a thaifeadeadh.
Tháinig daltaí ó Choláiste Ailigh agus daltaí Pobalscoil Ghaoth Dobhair le chéile chun ‘Amhrán na nGael’ a cheol agus a sheinm chun omós a léiriú don cheoltóir Seamús Begley, a fuair bás le deanaí. Sí Méabh Ní Bheaglaíoch, iníon Shéamus, a chum an amhráin.
Thaistil an dá scoil anonn is anall ag cleachtadh don taifeadadh agus nuair a tháinig an lá, bhí sé sóilér go raibh an obair curtha isteach.
Bealach deas a bhí ann craic cairdeas agus spraoi a bheith againn agus an Ghaeilge mar theanga chumarsáide againn. Mar a deirtear ‘beatha teanga í a labhairt’.
Tá muid an-bhuíoch de Líonra Leitir Ceanainn agus pleanáil teanga Iar thuaisceart Dhún na nGall as ucht an tacaíocht a thug siad dúinn an tionscadal seo a chuir i gcrích.
Tá muid ag iarraidh buíochas a ghabháil le Máistreas Uí Tháidhg , Máistreas Ní Bhriain agus an Mháistreas Treasa Kavanagh agus gach duine in Amharclann Ghaoth Dobhair a stúirigh an rud uilig. Seo chugaibh anois ‘Amhrán na nGael’ á ceol ag daltaí Choláiste Ailigh agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair!