Bhí coicís den chéad scoth againn i gColáiste Ailigh, ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Idir Gearrscannáin úrnua, seisiún ceoil, malairt ceoil scoile le Pobalscoil Ghaoth Dobhair, comórtas peile Corn Domhanda leis an chéad bhliain, Seó Dráma sa Halla, An Cailín Ciúin ar siúl sa scoil, comórtas póstaeir, Lá Glas agus ag críochnú suas leis an cheolchoirm ‘Ailleog Ailigh’ sa chearnóg Oíche Chéadaoin. Maith sibh daltaí agus pobal na scoile. Tá súil againn gur bhain sibh uilig sult as na himeachtaí ar fad!
Category Archives: Ocáidí
Óíche tráth na gceist Dé hAoine 24 Márta
Bígí linn d’oíche tráth na gceist ar son prom na séú bliana, Dé hAoine 7i.n. Duaiseanna le baint!
Curadh Uladh sa dornálaíocht Charlie Léadar!
Comhghairdeas le dalta na cúigiú bliana, Charlie Ó Léadar, a bhain amach an chéad áit in Uladh sa dornálaíocht F16! Éacht iontach amach is amach! Maith thú Charlie – Curadh Uladh!
Ár gcuairteoirí ó St Louis amuigh ar Arainn Mhór!
Duais d’Ealaíontóirí na Cúigiú Bliana
Seo agaibh Líadán Ní Ghallachóir, Abi Ní Fhaogáin, Róisín Ní Dhubhgáin agus Naoise Ní Chomartúin ón rang ealaíne an 5ú bliain a bhuaigh duaiseanna i gcomórtas ealaíne a bhí eagraithe ag an Aislann, Rann na Feirste do seachtain na Gaeilge. Comhghairdeas daoibh uilig!
Seo agaibh scannán a 5! “Ní chaithfidh tú athrú do dhuine ar bith”
Seo agaibh scannán a 5! “Ní chaithfidh tú athrú do dhuine ar bith” #IsMuidETBDhúnnanGall #SeachtainNaGaeilge
Scannán 4! “Bulaíocht” Bain sult!
Scannán 4! “Bulaíocht” Bain sult! #SeachtainNaGaeilge #IsMuidETBDhúnnanGall