Category Archives: Ocáidí
Comhghairdeas mór le Buaiteoirí Cluiche Ceannais Uladh faoi 18 sa Pheil
Corn Uladh Uí Dhochartaigh buaite ag na gasúirí faoi 18! Comhghairdeas mór leis na himreoirí agus le Máistir Ó Gallachóir as ucht an éacht iontach seo!
Buaiteoirí ‘Abair’
Comhghairdeas le Críostóir Ó Márta agus Aisling Ní Shiadháil a bhain céad áit ina rannóga i gComórtas “Abair” i nDoire an tseachtain seo caite, agus tréaslaíonn muid Ella Nic an Bhreithiúin Ní Ghallachóír sa chéad bhliain a tháinig sa dara háit, agus Amy Nic Giolla Iontóg, ar a bronnadh Teastas Molta uirthi. Maith sibh uilig.
Áth mór le na peileadóirí an tseachtain seo!
Seachtain mhór i bpeil ghaelach agus i sacar romhainn an tseachtain seo. Ar an Mháirt imreoidh na girseacha ar an fhoireann sacair f17 i gcluiche leath-cheannais na hÉireann, agus ar an lá céanna beidh foireann sinsear na ngasúr i gcluiche leath-cheannais Uladh. Guíonn muid gach rath ar na peileadóirí uilig, agus na bainisteoirí, Máistir Ó Comháin agus Máistir Ó Gallachóir.
Craobh Uladh F17 Buaite ag Coláiste Ailigh!
Comhghairdeas leis na girseachaí ar an fhoireann f17 a bhain Craobh Uladh ar an Aoine. Éacht mór bainte amach acu, agus tréaslaíonn muid a mbainisteoir, Máistir Ó Comháin fosta.
Seo sliocht ó h-Imleacán Spóirt Dhún na nGall:
High fives as Coláiste Ailigh overcome Crana in Ulster final
Buaiteorí an chéad áit i Scléip – Ruairí agus Aisling!
Make One Change 2018! Déan athrú amháin 2018! Duaiseanna le baint!
Buaiteoirí Eolaí Óg 2018!
Comhghairdeas mór le Chloe Ní Chiaráín agus le h-Iarlaith Mac Fhionnghaile – Buaiteoirí ag comórtas na hEolaithe Óga i mBaile Átha Cliath! Bhuaigh Iarlaith an chéad áit ina rannóg chomh maith leis an duais don tionsnamh is fearr trí mhean na Gaeilge. Bhain Chloe an triú áit ina rannóg. Éacht náisiúnta iontach! Ta sibh le moladh go hard! Comhghairdeas freisin le gach dalta eile a d’éirigh leo a fháil trid go Baile Átha Cliath sa chéad dul síos. Maith sibh!
Ath mór le Aisling Ní Shiadhail ag babhta ceannais Poetry Aloud inniu!
Ath mór le Aisling Ní Shiadhail ag babhta ceannais Poetry Aloud i mBaile Átha Cliatha inniu! Maith thú Aisling!