Seo agaibh rang Béarla ón Séú bliain agus iad i Muineacháin ag taispeántas de ‘Playboy of the Western World’ sa ‘Garage Theatre’.
Category Archives: Ocáidí
Bronnadh scoláireacht ar Ghráinne Ní Earcáin
Comhghairdeas le Gráinne Ní Earcáin a fuair scolaireacht go Coláiste na Trionóide as ucht torthaí iontacha ardteistiméireachta. Le feiceáil anseo ag an bronnadh aréir leis an príomhoide na scoile Mícheál Ó Giobúin.
Tabhair tacaíocht do Chomhthionól na nÓg inniu:
Brúigh ar an nasc seo le tacaíocht a thabhairt do Chomthionól na nÓg (Youth Assembly) inniu LDT!
Eoin Ó Domhnaill ag Dáil Éireann!
Daltaí na scoile ag breathnú ar Eoin Ó Dhomhnaill agus é ag comhthionól na nÓg ar Athrú Aeráide i nDáil Éireann Dé hAoine:, maith thú Eoin!
Turas Stairiúil ag an Idirbhliain i nDoire:
Seo daltaí an Idirbhliain ar thuras staire go Doirean tseachtain seo chuaigh thart agus d’fhoghlaim siad faoi Leigéar Dhoire, Na Trioblóidí agus Domhnach na Fola. Anseo le Máistreas Uí Chailín:
Scoláireachtaí faighte ag Diarmuid Ó Cathail agus Ailsing Ní Fhearáín do UCD
Gradam Leabhair Éireannaigh – Comhghairdeas agus Ádh mór leis an Máistir Mac a’Bhaird
Comhghairdeas Mór leis an Máistir Mac a’Bhaird atá ainmnithe ar ghearrliosta do ghradam náisiúnta – An Post – Irish Book Award 2019. Tá an t-áth linn go bhfuil tallann den chineál seo mar mhúinteoir againn sa scoil anseo i gColáiste Ailigh. Roghnófar na buaiteoirí náisiúnta Dé Céadaoin 20 Samhain. Áth mór a Mháistir!
https://www.rte.ie/culture/2019/1018/1084192-shortlist-announced-for-irish-book-awards-2019/
Cormac Breathnach agus Seachtain na hEolaíochta
Seo agaibh Cormac Breathnach ón chéad bhliain ag cur crann fuinseoige mar cheiliúradh ar Sheachtain Eolaíochta. D’éirigh le Cormac fáil tríd go comórtas BT Eolaí Óg na Bliana le tionscadal bainteach le galar chríonadh siar a bhíonn éifeacht aige ar chrainn fuinseoga. Bíonn tionchar ollmhór ag an ghalar seo ar mhéid an adhmaid seo atá ar fáil chun camáin a dhéanamh. Iompórtáiltear ochtú cúig f’an gcéad den fhuinseog atá de dhíth faoi láthair. Tá Cormac ag déanamh staidéar ar adhmaid dúchais ailtéarnacha le húsáid chun camáin a dhéanamh. Is iománaí den scoth é Cormac mar atá a athair atá le feiceáil sa ghrianghraif anseo freisin.
Ó clé: Colm Breathnach, Príomhoide Gaelscoil Adhamhnáin, Frank Ward, Facilities Manager, BAM, Cormac Breathnach, Siún Göppert, comhordaitheoir Brat Glas, Coláiste Ailigh, Micheál Ó Giobúin, Príomhoide, Coláiste Ailigh
Fhoireann Peil Ghaelach F20 tríd go dtí Ceathrú Ceannais Uladh B
Comhghairdeas don Fhoireann Peil Ghaelach F20 ata tríd go dtí an Ceathrú Ceannais Uladh B. Seo an chéad uair atá Coláiste Ailigh i Roinn B. Doiligh a chreidbheáil go raibh muid i Roinn D 3 bhliain ó shin. Maith sibh.
Joseph Mac Suibhne – Buaiteoir Oireachtas 2019!
Comhghairdeas mór le Joseph Mac Suibhne sa chúigiú bhliain a bhain amach an chéad áit sa tír i gcomórtas an Oireachtais 2019 sa scéalaíocht i mBaile Átha Cliath. Éacht mór comórtas náisiúnta a bhaint agus tá gach moladh tuillte agat a Joseph – maith thú!