Coinnigh an dáta saor!! Ócáid cheiliúrtha 20 Bliain in Ostán Mount Errigal ar an 27 Márta 2020 ó 7:00 i.n! Achan iardhalta, múinteoir, tuismitheoir agus baill teaghlach na scoile uilig bígí linn d’oíche speisialta. Tuilleadh eolais le teacht!
Category Archives: Ocáidí
Bua ag Cormac Breathnach ag comórtas BT Eolaí Óg na Bliana
Bua dúbailte ag Coláiste Ailigh ag BT Eolaí Óg! Comhghairdeas le Cormac Breathnach a bhain amach an chéad áit ina rannóg! Chomh maith le sin bhain sé an duais don tionscnamh is fearr trí mhean na Gaeilge sa tír! Maith thú a Chormac!
Blas ón RDS ag comórtas BT Eolaí Óg 2020 – an t-aire Joe Mc Hugh agus Mícheál Ó Mairtín ag léiriú suim!
Áth mór lenár n-Eolaithe Óga i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo – naisc anseo:
Breathnaigh ar TG4 Déardaoin 9 Eanaír ag 9:30! Máistir Ó Maolagáin agus Máistreas Newman le feiceáil ann!
BREATHNAIGH AR TG4 DÉARDAOIN 9 EANAÍR AG 9:30! BEIDH MÁISTIR Ó MAOLAGÁIN AGUS MÁISTREAS NEWMAN LE FEICEÁIL ANN MAR CHUID DEN CLÁR ‘CREATIVE COMPANY’.
Seo nasc chun tuilleadh eolas a fháil ar an chlár:
Seirbhís na Nollag
Pobal na scoile ag ceiliúradh Aifreann um Nollaig
Bhí ócáid shuaimhneach, machnamhach agus ceolmhar againn inné ag Aifreann na scoile lán spiorad na Nollag. Buíochas le gach duine a ghlac páirt ann agus leis an Athair ach go háirithe.
Cailíní F19 sa chispheil – cá bhfuil muid anois?
Is cinnte go bhfuil an cheist ‘cad a tharla ansin?’ in intinn foireann Cispheile na gCailíní F19 tar deireadh a theacht leis an tsraith buaite a bhí acu sa chorn Éireannach nuair a chaill siad in éadan ‘St Patrick Academy Dún Geannain’ le scórlíne 43-59 sa chluiche leathcheannais oíche Luain. Cluiche teann a bhí ann don chuid is mó le cailíní Coláiste Ailigh ag baint na gciseán chomh gasta leis an fhoireann eile, ach d’ardaigh cailíní Dún Geannain a gcluiche sa dara ceathrú agus tharraing siad chun tosaigh de réir a chéile. Cé go raibh an sealbh ag ár ngirseacha go minic, ní raibh na ciseáin ag titim gasta go leor.
Tar éis an rath a bhí ag an fhoireann anuraidh sa sraith náisiúnta F16, tá an cuma ar an scéal gur tháinig an chéim suas go F19 ró luath do mhná óga Chnoc na Móna. Beidh an bhliain seo mar chuar foghlama iontach don fhoireann agus beidh formhór na gcailíní ag imirt ag an leibhéal seo ar feadh dhá bhliain eile, mar sin tá an bua sínte amach os a gcomhair go fóill!
Níl séasúir na gcailíní thart go fóill mar tá cluichí réitigh do Shraithchomórtas na hÉireann le himirt tar dóibh an roinn réigiúnach a bhaint. Beidh siad ag imirt in éadan na himreoirí is fear sa tír ar an 18ú Eanáir. Mar sin Ádh mór leis na cailíní ansin.
Scoláireachtaí faighte go hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag triúir dhaltaí Choláiste Ailigh.
Comhghairdeas le Jessica Nic an Bhreithiún Ní Ghallachóir, Ross Ó Mearthaile agus Iarlaith Mac Fhionnghaile ar son na scoláireacthaí bronnta orthu ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath!
Seirbhís Charúil in Ospís Dhún na nGall
Buíochas mór leis na daltaí agus leis an Máistreas Uí Thaidhg as ucht an cheoil binn i rith seirbhís charúil in ospís Dhún na nGall. Ocáid speisialta a bhí ann do gach duine.