All posts by Shane
Tús ceolmhar le Seachtain na Gaeilge!
Tús maith curtha le Seachtain na Gaeilge i gColáiste Ailigh le cuairteoirí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair.
Físeáin ó Iardhaltaí agus tuismitheoirí ag tabhairt moladh do Choláiste Ailigh agus oideachas trí mhean na Gaeilge
Seo agaibh machnamh ó iardhaltaí agus tuismitheoirí ag tabhairt moladh do Choláiste Ailigh agus oideachas trí mhean na Gaeilge agus na deiseanna agus buntáistí a thugann sé do dhaltaí.
Lá maith ag foireann na scoile ag blitz rugbaí
Maith na himreoirí rugbaí ag an blitz inné – as sé chluiche bhí dhá chomhscór agus bhuaigh siad trí chluiche.💪
Buaiteoirí Tras Tíre
Bhí lá iontach ag daltaí na scoile ag rás tras tíre na chodae Dé Céadaoin. i measc na bua, bhain Pilip Mac Aodh amach an chéad áit ina aoisghrúpa (sinsear). Is léir gur talann iontach atá ann agus go bhfeicfidh muid a ainm arís amach anseo! Breis eolas le teacht….
Buaiteoirí RÉAMHBHABHTA ‘ABAIR’!
Fuair Jason Ó Maola an chéad áit agus Aoife Níc Gairbheith an dara háit i Rannóg na Sóisear i réamhbhabhta Abair a bhí ar siúl sa scoil inniu agus bhain Emma Ní Riain an chéad ait amach i Rannóg na Sinsear!Buíochas le Máistreas Uí Ghallchóir as ucht an tacaíocht agus stiúradh.
Scoil druidte mar gheall ar an aimsir arís inniu
Beidh Coláiste Ailigh druidte arís inniu mar gheall ar an aimsir.
Coláiste Ailigh will remain closed today due to the weather conditions.
Bí slán agus tabhair aire.
Be safe and take care.
Seán Mac Suibhne,
Príomhoide.
Scoil druidte mar gheall ar an aimsir
Beidh Coláiste Ailigh druidte inniu mar gheall ar an aimsir.
Coláiste Ailigh will be closed today due to the weather conditions.
Bí slán agus tabhair aire.
Be safe and take care.
Seán Mac Suibhne,
Príomhoide.
Comhghairdeas le daltaí Choláiste Ailigh i gComórtas BT Eolaithe Óga na Bliana 2023!
Bhí turas oideachasúil, spraoiúil agus rathúil ag daltaí Choláiste Ailigh i mbliana go comórtas BT Eolaithe Óga 2023 san RDS i mBaile Átha Cliath áit a tháinig siad ar ais le cúig duaiseanna san iomlán!
Bhain Lorcán Ó Fearáil ón dara bhliain an tríú háit ina chatagóir amach lena thionscnamh ar fhorbairt moillithe tine chun cosc a chur ar thintí fíánna. Tá daltaí na chéad bhliana Caolan Mac an tSagairt, Maitiú Ó Fearail agus Daithí Mac Diarmada ag teacht abhaile le duais don dara háit ina chatagóir lena bhfoisriú ar éifeacht ardaithe costaisí bhreosla ar dhearcadh i leith infheistíocht i bhfuinneamh inaithnuaite agus insliú sa teach.
Bronnadh gradam Ard Mholta ar dhá thógra eile, ‘sé sin tógra de chuid Megan Ní Bheirn, Róise Ní Bhaoill agus Síomha Nic Sheáin ar éifeacht lus an phiobair ar luas freagartha i ndéagóirí agus tógra Saoirse Ní Ghallachóir, Sienna Ní Dhaimhín agus Aimee Ní Chaoinnealbháin ar éifeacht díritheoirí gruaige ar láidreacht na gruaige.
Bronnadh dhá Duaiseanna Taispeántais chomh maith ar Lorcán agus ar Saoirse, Sienna agus Aimee.
Tá moladh ard ag dul do Donnchadh Ó Tuairisg agus Eoghan Ó Sibhear freisin ar son a dtionscamh ar an cumas atá ag plandaí éagsúla cosc a chur ar chreimeadh uisce cois abhainn ina raibh an-chuid suim léirithe thar na ceithre laethannta san RDS.
Coláiste Ailigh had a hugely enjoyable and highly successful trip to the RDS for the 2023 BT Young Scientist and Technology Competition this year coming away with five awards in total!
Third place Chemical Physical and Mathematical Sciences junior category went to Lorcán Ó Fearáíl with his project on an ecological liquid flame retardant for the prevention of wildfires.
Second place in the Social and Behavioural Sciences junior category was taken by Caolan Mac an tSagairt, Maitiú Ó Fearail and Daithí Mac Diarmada and their investigation into the effects of rising fuel costs on attitudes towards investment in renewable energy and insulation in the home.
A Highly Commended award went to Sienna Ní Dhaimhín Saoirse Ní Ghallachóir and Aimee Ní Chaoinnealbháin with their project on the effect of hair straighteners on hair strength.
Also Highly Commended were Megan Ní Bheirn Róise Ní Bhaoill and Síomha Nic Seáin with their project on the effect of peppermint on reaction times in teenagers.
Lorcán and Saoirse, Sienna and Aimee’s projects also received display awards for their presentations.
Maith iad uilig, le h-eolaithe cosúil leo is féidir linn a bheith muiníneach go bhfuil an todhchaí i lámha maithe.
Ádh mór lenar Eolaithe Óga atá ag dul go Baile Átha Cliath Amárach!
Beirt eolaíthe óga déag ullmhaithe agus réidh le tabhairt faoi Bhaile Átha Cliath go moch maidin amárach ó gheata Choláiste go dtí an RDS! Tá ardmholadh tuillte acu uilig tar éis an obair mhór atá curtha isteach ar na cúig tograí do Chomórtas BT Eolaí Óg 2023! Ádh mór libh agus bainigí sult!See insights and adsBoost post
11