Blas den spiorad iontach a bhí ag Margadh na Nollag sa scoil Dé hAoine!




















Blas den spiorad iontach a bhí ag Margadh na Nollag sa scoil Dé hAoine!
Comhghairdeas mór le Siubhán Ní Dhomhnaill atá tar éis Gradam Scoláire a ghnóthú ó DCU.
Tugann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aitheantas do mhic léinn ardghnóthachtála atá ag teacht isteach san ollscoil.
Bhronn gach roinn roinnt Gradam Scoláirí ar dhaltaí na gcéad bliana a bhain na pointí is airde amach san Ardteistiméireacht, mar aitheantas ar a ngnóthachtálacha acadúla go dtí seo, agus tá lúcháir agus bród orainn go raibh ár n-iardhalta Siubhán roghnaithe don ghradam. #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Buíochas mór le Bairbre Ní Chathaill ó Líonra Leitir Ceanainn a d’eagraigh turas oideachasúil, spreagúil agus suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana go Béal Feirste. Bhain na daltaí an-tairbhe as an stair, na gníomhaíochtaí agus an t-eolas ar a bhfuil ag tarlúint i mBéal Feirste chun an teanga a chur chun tosaigh. Bhí an lá mar inspioráid dóibh uilig agus níl amhras ach go gcuirfidh sé go mór leis an nasc idir Ghaelphobal Béal Feirste agus Leitir Ceanainn.
Ná déanaigí dearmad faoin lá gan éadaí scoile amárach do sheachtain Seas an Fód! Dathanna na blianghrúpaí thíos!
Guímid gach rath ar na girseachaí ón chéad bhliain, atá ag glacadh páirt i mbabhta ceannais den chomórtas filíochta ‘Guth na hÉigse’, i mBaile Atha Cliath amárach. Ó chlé sa phictiúr ná Sarah Rose Ní Éarchaí, Faith Leigh Bomah, Fianna Ní Ghaotháin, Aoibhe Ní Pháidín agus Emma Ní Fhearraigh. In easnamh ón phictiúr, Aobha Nic Giolla Comghaill.
Moladh mór do na girseacha F20 inniu a d’imir cluiche ar dóigh in aghaidh Scoil Naomh Columba. Ar an drochuair chaill siad 7-20 do 5-10.
Ghlac Eimear Nic Taidhg agus Cliodhna Ní Mhaoilchiaráin páirt sa chómortas bácála a bhí ar siúl i Pobalscoil Ghaoth Dobhair le deanaí . Tá muid chomh brodúil astu agus na cácaí blasta a rinne siad . Maith sibh a chailíní . ⭐️🎂🍰🧁
Seo fógra maidir le folúntas fostaíochta Chúntóir Riachtanas sa Bhreis:
Vancancy for Special Needs Assistant at Coláiste Ailigh:
More informtain to be found at:
https://www.donegaletb.ie/donegal-etb/vacancies/