All posts by Shane
Spórt agus Spraoí ag Scíáil ó Bhorovets sa Bhulgair
[slideshow_deploy id=’1060’]
Buaiteoirí Ó Choláiste Ailigh ag Féile Idirnáisiúnta Pancheilteach
Comhghairdeas leis na daltai a bhí páirteach i bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ag an deireadh seachtaine. Comhghairdeas speisialta le Affraic Ní Bhróithe a bhain an chéad áit san fhidil agus le Jamesie Ó Riabaigh a bhain an darna háit san fhidil, Maith sibh!
CSI Leitir Ceanainn le Lucht na hIdirbliana
Cluiche leathcheannais na hÉireann buaite ag Coláiste Ailigh!
Bua stairiúil eile ag peileadóirí Choláise Ailigh inniu nuair a bhain siad ar Cholaiste Ráth Caola, Luimheach le trí phointe i gcluiche leathcheannais na hÉireann imrithe i mBaile an Aba, Baile Átha Cliath!
Bígí Linn ag Ceolchoirm Ailleog Ailigh do Sheachtain na Gaeilge
Comhghairdeas mór le Buaiteoirí Cluiche Ceannais Uladh faoi 18 sa Pheil
Corn Uladh Uí Dhochartaigh buaite ag na gasúirí faoi 18! Comhghairdeas mór leis na himreoirí agus le Máistir Ó Gallachóir as ucht an éacht iontach seo!
Buaiteoirí ‘Abair’
Comhghairdeas le Críostóir Ó Márta agus Aisling Ní Shiadháil a bhain céad áit ina rannóga i gComórtas “Abair” i nDoire an tseachtain seo caite, agus tréaslaíonn muid Ella Nic an Bhreithiúin Ní Ghallachóír sa chéad bhliain a tháinig sa dara háit, agus Amy Nic Giolla Iontóg, ar a bronnadh Teastas Molta uirthi. Maith sibh uilig.
Áth mór le na peileadóirí an tseachtain seo!
Seachtain mhór i bpeil ghaelach agus i sacar romhainn an tseachtain seo. Ar an Mháirt imreoidh na girseacha ar an fhoireann sacair f17 i gcluiche leath-cheannais na hÉireann, agus ar an lá céanna beidh foireann sinsear na ngasúr i gcluiche leath-cheannais Uladh. Guíonn muid gach rath ar na peileadóirí uilig, agus na bainisteoirí, Máistir Ó Comháin agus Máistir Ó Gallachóir.
Craobh Uladh F17 Buaite ag Coláiste Ailigh!
Comhghairdeas leis na girseachaí ar an fhoireann f17 a bhain Craobh Uladh ar an Aoine. Éacht mór bainte amach acu, agus tréaslaíonn muid a mbainisteoir, Máistir Ó Comháin fosta.
Seo sliocht ó h-Imleacán Spóirt Dhún na nGall:
High fives as Coláiste Ailigh overcome Crana in Ulster final