All posts by Shane

Buaiteoirí Eolaí Óg 2018!

Comhghairdeas mór le Chloe Ní Chiaráín agus le h-Iarlaith Mac Fhionnghaile – Buaiteoirí ag comórtas na hEolaithe Óga i mBaile Átha Cliath! Bhuaigh Iarlaith an chéad áit ina rannóg chomh maith leis an duais don tionsnamh is fearr trí mhean na Gaeilge. Bhain Chloe an triú áit ina rannóg. Éacht náisiúnta iontach! Ta sibh le moladh go hard! Comhghairdeas freisin le gach dalta eile a d’éirigh leo a fháil trid go Baile Átha Cliath sa chéad dul síos. Maith sibh!

Ranganna oideachas reiligiúnach don séú bliain

Beidh ranganna oideachas reiligiúnach le foireann ó ‘NET IRELAND’  ar súil don 6ú bl sa tearma seo. Is é ‘NET’ na misínéirí óga a roinneann teachtaireacht Iosa le daoine óga  agus a gcuidíonn leo a gcreideamh a fhorbairt. Déan teagmhal leis an scoil dó breis eolas.

‘Seas an Fód’ – seachtain frith-bhulaíochta

Bígí ag faire amach do ghíomhachtaí do ‘Seas an Fód’ – seachtain frith-bhulaíochta ag teacht an tseachtain seo chugainn. Mar tús is féidir stocaí ildaite/ amaideacha a chaitheamh don tseachtain!

Beidh cluichí ar siúl sa Leabharlann i rith am lóin ó 1:30 go 1:50:

Céad Bhliain – Dé luain ; Dara Bhliain – Dé Máirt; Triú bliain – Dé Céadaoin: 5ú agus séú bliain – Déárdaoin. Bain Sult!