Comhghairdeas leis na daltaí ón 5ú agus 6ú bliain atá ag glacadh páirt sa taispeántas ealaín ‘You, Me and Palliative Care’. Bhí Shane Curran ó RTE linn ar maidin ag déanamh taiféad faoi agus beidh an píosa ag dul amach ar ‘News Today’ ag 4.20 Dé Luain 8 Meán Fómhair. Beidh an taispeántas ar súil ar an Aoine 14 sa CoLab ATU ó 10-4 le Mairéad Ní Mhaoinigh ag seoladh an ocáid.
Bhí ócáid galánta sa scoil áit ar bhronn na daltaí ó rang Gearmáinise na cúigiú bliana portráid ar an Mháistreás Göppert, tarraingthe ag Eleanor Ní Mheargaidh ón dara bhliain, mar chomhartha buíochais agus dea-ghuí.
Is le croí trom a fhágann muid slán leid an Mháistreás Göppert agus í ag bogadh ar aghaidh go stad eile ina saol tar éis fiche bliain a chaitheamh i dteaghlach Choláiste Ailigh. Ní fhágfaidh na cuimhní den chineáltas, díograis, spraoi agus tacaíocht a léirigh Siobhán do dhaltaí agus foireann na scoile muid choíche.
Tá muid fíor bhuíoch as ucht an obair agus cúram a thug sí i leith spreagadh teanga na Gearmáinise agus na Gaeilge agus an iarracht leanúnach maidir le cúrsaí an Bhrait Ghlais thar na blianta. Guímid gach rath agus sonas ort sa todhchaí.
Táimid iontach bródúil anseo as Iardhalta na scoile Erin Ní Dhochartaigh atá tar éis scoláireacht spóirt 2023/2024 ATU Donegal a ghnóthú! Maith thú Erin! #WeAreDonegalETB #ismuidetbdhunnangall
Seo agaibh daltaí na hIdirbhliana ag bronnadh na hIdirbhliana! Comhghairdeas le Dan Mac a’Bhaird ar a mbronnadh gradam Spiorad na hIdirbhliana! Buíochas mór leis an Mháistreás Uí Bhriain as ucht an obair agus paisean a chuir sí isteach leis an ghrúpa i rith na bliana. #ismuidetbdhunnangall
Bhí trúir dalta ón Idirbhliain, Padraig Mac Giolla Choin, Muireann Nic Aoidh agus Sadbh Breathnach in éineacht le Máistreas Newman ar an chlár Barrscéalta ar Radio na Gaeltachta Dé hAoine seo chaite ag labhairt faoin lá Éitis a bhí ann an tseachtain seo chaite do na scoileanna lán-Ghaeilge de chuid an ETB. Éist ar ais anseo!
Seo agaibh Laochra na Gaeilge! – daltaí atá sár iarracht déanta acu i mbliana an Ghaeilge a chur chun tosaigh sa scoil agus sa cheantar – Maith iad agus comhghairdeas leo an duais bhaint!