All posts by Shane

An Turas go Londain!

Seo cúpla grianghraif den turas iontach a bhí ag daltaí na séú bliana go Londain le Máistreas Uí Róis, Máistreas Uí Thaidhg agus Máisitir Ó Gallachóir. Idir thuras thart ar Amharclann Shakespear ‘The Globe’, Ardeaglais Naomh Pól, an Tate Modern, freastal ar ceoldráma ‘Wicked’ in amharclann Apollo Victoria, turas go dtí an iarsmalann eolaíochta, Iarsmalann Céir Londain ‘wax museum’, Súil Londain, siopadóireacht agus Béiltí i gCafé Rouge agus Planet Hollywood bhí am agus taithí speisialta ag gach duine!

Turas an Chéad Bhliain go Coláiste na Rosann in Annagaire

Bhí turas den scoth ag daltaí an chéad bhliain thar oíche i nGaeltacht Annagaire ag scoil Ghaeltachta Choláiste na Rosann. Bhí cúpla lá lán gníomhaíochtaí acu idir thuras go hArannmhóir, céilí, dioscó agus ranganna Ghaeilge. Seo roinnt íomhánna de na heachtraí éagsúla:

Fáilte Roimh Ár gCuairteoirí Ón Ghearmáin

Thug triúr dalta meán scoile ónár scoil chomhpháirtíochta an Staatliche Regelschule “Friedrich Schiller” i Rudolstadt na Gearmáine cuairte orainn Dé Luain, 30 Meán Fómhair. Bhí Marie, Luca agus Julian in éineacht lena múinteoirí Frau Bernhardt agus Frau Grohmann, agus leas-mhéara an bhaile Herr Schreiber. Thaispeáin an 3 Bliain thart na scoile iad i nGearmáinis agus bhí siad an-tógtha lenár n-áiseanna nua-aimseartha. Tá muid ag súil le bheith i dteagmháil leis an scoil seo anois ar bhonn níos rialta.