All posts by Shane

Margadh na Nollag 13 Nollaig

Beidh Margadh Nollaig Choláiste Ailigh 2024 ar siúil Dé hAoine 13/12/24.
Tá fáilte roimh gach duine beag agus mór. Beidh muid oscailte ó 9.30 r.n go dtí 1.20 i.n sa halla spórt. Beidh earraí lámhcheardaíocht ghalánta ar díol againn, beidh bia blasta agus deochanna ar fáil le ceannacht agus ceol beo speisialta seinnte ag ar ndaltaí i rith an imeacht. Déan cinnte go mbualann sibh isteach. Feicfidh sibh ón físeán go bhfuil daltaí na h-idirbhliana iontach gnóthach ar fad ag ullmhú!

Our annual Coláiste Ailigh Christmas fair is on the Friday 13/12/24. Everyone is welcome at this lovely event. We are open from 9.30 am until 1.20 pm in our sports hall. We’re selling beautiful handcrafted crafts, tasty food and drinks are available to buy and special live music will be performed by our students during the event. Please make sure to call in and see us. You can see from our video our transition year students are extremely busy preparing! #WeAreDonegalETB #ismuidetbdhunnangall #margadhnanollag

Éadaí Nollag?

Tá suim againn éadaí nollag ar athlámh a dhíol ag Margadh na Nollag i mbliana. Bheadh muid fíorbhuíoch daoibh as ucht aon éadaí atá ceannaithe agaibh thar na mblianta, nach bhfuil sibh ag úsáid níos mó, a thógáil isteach againn anseo sa scoil.  Téann céatádán den bhrabús a dhéanann muid chuig carthanas gach bliain.

We are interested in selling preloved christmas clothes at our Christmas Market this year.  We would very much appreciate any donations of christmas clothes you have bought over the years and now have no use for them.  You can drop them into the school at your convenience.  A percentage of profits are donated to a charity each year.

Míle buíochas.

Spraoi na Samhna

Spraoi na Samhna! Bhí lá lán spraoi againn chun teacht na Samhna agus 25 bliana a chéiliúradh inniu! Idir tráth na gceist leis an chéad agus idirbhliain, Díolachán bacála ar son Cancer Care West, cluichí meantóireachta agus tionól iomlán scoile áit ar bhronnadh duaiseanna don feisteas is fearr in achan bhliain, Dearbháin angus teastais Laochra na Gaeilge agus Duaiseanna ón Choiste Gaelbhratachta don fhilíocht agus gléasadh le téama na Gaeilge.

Laochra na Gaeilge !

Comhghairdeas mór lenár Laochra na Gaeilge don leath-théarma seo. Roghnaithe ag daltaí sinsearacha na scoile, seo agaibh daltaí atá iarracht den scoth déanta acu an teanga a chur chun cinn i dtimpeallacht na scoile agus sa cheantar máguaird. Tá duais dearbhán buaite ag: Faith Leigh Bomagh, NIamh NIc Íomhair, Meadhbh Ní Shraitheáin agus Ruben Ó Ciaráin. Maith sibh! #laochranagaeilge #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB

Oiche Oscailte Céadaoin 9 Deireadh Fómhair

Bígí linn amárach, Dé Céadaoin 9ú, don lá agus oíche oscailte.
Fáilte roimh gach duine ag 6:30 i.n. bualadh isteach agus blas den scoil a fháil!
Open night tomorrow (Wednesday 9th) evening at 6:30 p.m. Welcome all – drop in, meet us and get a flavour of the school!

Rásaí tras tíre – Bua ag Cara!

Maith sibh gach duine a ghlac páirt i rásaí tras tíre i gCarn Domhnach Dé Máirt – iarrachtaí den scoith curtha isteach agaibh! Comhghairdeas, ach go háirithe, le Cara Nic Chongail a tháinig isteach sa chéad áit sa rás sinsir! Cúpla grianghraf anseo: #ismuidetbdhunnangall

Torthaí agus pictiúirí 5k 2024

Seo agaibh torthaí an 5k ó aréir agus cúpla grianghraf den ócáid. Buíochas le gach duine a tháinig, a rith agus thug cuidiú chun ócáid iontach a chur ar siúl, ach go háirithe coiste na dtuismitheoirí a rinne obair na gcapall chun an rás a eagrú. Go raibh maith agaibh. #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Torthaí anseo: https://docs.google.com/spreadsheets/d/1YXzfpu7aYHFXZiL7fspdsm074QcRkWV5/edit?usp=sharing&ouid=117437514646377788288&rtpof=true&sd=true

Taispeántas ‘You, Me and Palliative Care’

Cúpla grianghraf ón taispeántas ‘You, Me and Palliative Care’ ón Aoine seo caite.

Comhghairdeas do na daltaí a bhí páirteach sa tionscadail agus a chruthaigh ealaín iontach don ócáid.

Míle buíochas fosta do na daltaí ó bhliain 6 agus Máistreás Uí Thaidhg a bhí ag seinm ceol ar an lá.

Ócáid iontach speisialta ar fad a bhí ann le Maighréad Ní Mhaonaigh mar aoi speisialta.

Beidh na saothair ealaíne anois crochta san Ospís ar feadh tréimhse agus ansin san RCC. #IsMuidETBDhunnanGall#DonegalHospice

TÚS LE CEILIÚRADH 25 BLIANA

Sheol pobal Choláiste Ailigh sraith speisialta imeachtaí Dé hAoine chun comóradh 25 bliain na scoile a cheiliúradh. Bhí ceol álainn, óráidí corraitheacha, agus cuairt speisialta ó Mhéara Leitir Ceanainn, an Comhairleoir Gerry McMonagle, i láthair linn. D’fhógair an scoil go bródúil buaiteoir an chomórtais chun lógó comórtha a dhearadh – Comhghairdeas mór le dalta na tríú bliana Máire Nic Giolla Chóin! Comhghairdeas freisin leis na príomhchinnirí don scoilbhliain seo freisin, a ainmníodh agus ar a raibh bronnta suaitheantais na gcinnirí.
Bígí ag súil le himeachtaí ar an 25ú de gach mí tríd an bhliain, ag tosú leis an rás 5k ar an 25 Meán Fómhair!

The community of Coláiste Ailigh launched a special series of events on Friday to celebrate the school’s 25th anniversary. We were treated to beautiful music, moving speeches, and a special visit from the Mayor of Letterkenny, Councilor Gerry McMonagle. The school proudly announced the winner of the competition to design a commemorative logo – Congratulations to third year student Máire Nic Giolla Chóin! Congratulations also to the senior prefects for this school year as well, who were named and awarded their prefect badges.
Keep an eye out for events on the 25th of each month throughout the year, starting with the 5k race on September 25th!