Lón deireanach daltaí na Séú bliana! Buiochas mór le Cinn Bliana Máistreás Uí Ruadháinas ucht a eagrucháin!

Lón deireanach daltaí na Séú bliana! Buiochas mór le Cinn Bliana Máistreás Uí Ruadháinas ucht a eagrucháin!

Cuma ‘Retro’ ar daltaí na séú bliana inniu! & Cé sin ina measc?

Ócáid fíor thábhachtach i bhféilire na scoilbhliana ná an ócáid bhronnta gradaim, áit a mbíonn an deis againn bailiú le chéile, idir fhoireann, daltaí agus tuismitheoirí na scoile, chun gaiscí ár ndaltaí a cheiliúradh. Buíochas lenár n-aoíonna Seán Ó Loingeáin agus Paul Ó Hannagáin. Seo agaibh cuid de na príomh ghradaim bronnta.
Comhghairdeas ach go háirithe le Beibhinn Ní Giolla Chomhaill agus le Pól Mac Giolla Easpaig ar a mbronnadh Gradaim Scoláire na Bliana 2021/2022 de bharr an meas a léirigh siad dá múinteoirí, comhscoláirí agus d’éiteas Choláiste Ailigh agus a gcuid iarrachtaí le gach gné de rannpháirtíocht i saol na scoile. Tréaslaíonn muid uilig libh!
Buíochas mór le coiste na dtuismitheoiri agus le gach duine a ghlac páirt sa siúl/rith 5k aréir agus é ag stealladh báistí! Bhí ócáid ar dóigh ann le spraoi ag achan duine! Seo cúpla pictiúirí den rás:
Bhí Díolachán Bácála ag an 3ú bliain OSSP & chruinnigh siad £655 ar son muintir na hÚcráine. Bhuail muid le Oksana Krysynsra agus Margaret Larkin ó Forbairt Áitiúil Dhún na nGall & mhínigh siad dúinn an dea-oibre atá siad ag déanamh agus an chinéal tacaíocht atá de dhíth orthu. Tá na daltaí chun gníómhaíochtaí a chur ar siúl chun fáilte a chur roimh deagóirí & paistí ón Úcráin cuairt a thabhairt ar Choláiste Ailigh amach anseo.

Bígí linn don rás/siúl 5k Dé Céadaoin 18 Bealtaine ag 7:30 i.n.Cláraigh roimh ré chun am a shábhaile ort féin ag an nasc seo:
https://www.njuko.net/colaiste_ailigh_5k_2022
Join us for our 5k run/walk! Register beforehand to save yourself time on the evening at the above link.

Buíochas mór leis an Máistir Ó Fearaigh, Máistreas Uí Róis, Máistir Ó Comhain, Máistreás Uí Threartaigh, Máistir Ó Duibh agus gach duine eile a chur leis an Lá Spórt iontach a bhí againn sa scoil. Bhí craic ar dóigh ag gach duine ag glacadh páirt in imeachtaí an lae, rásaí spúnóg agus ubh, cluichí agus tarraingt téad ina measc!

