Bhí cúpla laethanta iontacha ag daltaí ón séú bliain i Londain áit ar thug siad cuairt ar an Iarsmalann Stair Nádúrtha, An Iarmsalann Eolaíochta, seó ‘West-End’, Madame Tussauds, Súil Londain, an ‘Tate Modern’ agus Amharclann ‘Shakespeare’s Globe’, áit ar tugadh céardlann aisteoireachta dóibh. Chomh maith le sin ghlac siad páirt i dturas treoraithe thart ar an chathair agus gníomhaíochtaí eile. Ní dhéanfaidh siad dearmaid ar an deis agus an taithí iontach seo choíche! Seo agaibh cúpla íomhánna den chraic!
All posts by Shane
Ceardlann ealaíne san Ionad Cultúrtha Reigiúnach
Le déanaí , bhí trí dhaltaí ealaíne ón 6ú bliain páirteach i gceardlann ealaíne san Ionad Cultúrtha Reigiúnach i Leitir Ceanainn. Ag comhoibriú le daltaí ó scoileanna eile aitiúla agus ag feidhmiú mar’ coiméadaí’ chuir siad taispeántas ealaíne le céile a bheas oscailte don pobal ó 15 Deireadh Fómhair go 17 Nollag. Bhain siad an sult as an eispéireas iomlán agus míle buíochas don ICR as ucht an deis iontach. Eolas eile thíos sa litir seo ag an Máistreás Uí Chanainn!
Hi Annemarie,
I just wanted to get in touch to say that your students were amazing at the ‘Curate Your Own Exhibition’ workshop!
Together we had lots of chats about art, wrote a curatorial manifesto, learnt about art writing, installed an exhibition, wrote the exhibition text, designed the handout and created marketing content… in just two days!
Their curated exhibition Everyday Blues will open on Saturday 15 October, 6pm to 9pm, in Gallery 2 at the Regional Cultural Centre, until Saturday 17 December. All family, friends and teachers are invited to attend.
“The title of this exhibition Everyday Blues was derived from two common themes we saw throughout the works. The former being that the shared subject matter was everyday, normal matter, and the latter being blue, and monotony being a common factor, in the literal and metaphorical.
This exhibition features work by Pauline Bewick, Carey Clarke, Felicity Clear, Hannah Fitz, Margaret Fitzgibbon, Martin Gale, Patrick Jolley and Ciarán Murphy.”
I’ve also attached a few photos and a promotional video that the participants made.
Best, Rachel
Turas Ealaíne go dtí an Gléib
Seo daltaí ó na ranganna ealaíne sinsearacha ag freastal ar an taispeántas ealaíne ‘Cassiopeia’ le déanaí. Tá an taispeántas leis an t-ealaíontóir Stephen Mc Kenne ar súil i nDánlann an Ghléibe i nGartán agus bhain na daltaí an sult agus inspioráid as.
Míle buíochas do Adrian Kelly coimeádaí an gailearaí a thug turas pearsanta dúinn ar an lá.

Comhghairdeas le lucht na hArteistiméireachta!
Comhghairdeas lenar iardhaltaí as ucht na torthaí iontacha a fuair siad inniu, ach go háirithe le Méabh, Pól agus Eimear a ghnóthaigh uasphointí 625! Bhí atmaisféar ar dóigh sa scoil ar maidin agus chomh deas sibh uilig a fheiceáil ar ais linn ar feadh tamaill!


Fáilte d’iardhaltaí teacht isteach chun torthaí a fháil ar maidin
Fáilte roimh daltaí na séú bliana anuraidh teacht isteach sa scoil maidin amárach chun na torthaí a fháil! Beidh seomra Maistreás Uí Cheallaigh oscailte agus an Mháistreás ar fáil idir 10:00 agus 12:00 más mian le duine ar bith na ríomhairí ansin a usáid chun na torthaí a fháil ar líne le tacaíocht agus comhluadar. Beidh tae, caifé agus cairdeas ar fáil 🙂
Fáilte at ais! Dátaí fillte do gach blianghrúpa anseo!

comhbhrón ó chroí le Patsy Mac an Bhiocaire, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile
Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a ghabháil le Patsy Mac an Bhiocaire, Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile, ar bhás a mháthair Molly McVicar ó phobail uile na scoile. Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis.
https://rip.ie/death-notice/molly-mcvicar-emyvale-monaghan/498036
Turas scoile na Triú Bliana
Bronnadh Gradaim na hIdirbhliana
Comhghairdeas le daltaí na hIdirbliana ar a mbronnadh gradaim inniu ar son a gcuid iarrachtaí agus ionchur tríd an scoilbhliain, ach go háirithe le Charlie Ó Dubháin ar a mbronnadh gradam Spiorad na hIdirbhliana!
Buíochas agus slán le Máistreás Uí RÓIS
Bhailigh pobal na scoile le chéile inniu chun slán a fhágáil le Máistreás Uí Róis agus í ag fágáil ar sos ghairme. Ní raibh súil thirim sa halla agus muid ag gabháil buíochas leí as ucht an tionchar ollmhór a bhí aici ar shaol na ndaltaí agus ar spiorad na scoile thar na blianta. Guímid gach rath uirthi sa todhchaí!



































