All posts by Shane

Iardhaltaí! Bígí linn – Cumann Alumni Ailigh

Iardhaltaí Choláiste Ailigh! Bígí linn ag 6 i.n. Sathairn 30 Aibreán sa scoil do chruinniú chun Cumann Alumni Choláiste Ailigh a bhunú. Tapaidh an deis cumarsáid a choinneáil le teaghlach na scoile thar na blianta. Ceapfar oifigí an chumainn ar an oíche. Mura féidir leat a bheith an i bpearsain bígí linn ar zoom – seolfar nasc amach anseo.

Turas Ealaíne go dtí Baile Átha Cliath

Thug daltaí ón IB agus an 5ú bl rang ealaín, cuairt ar Dánlann an Hugh Lane. Chonaic muid ealaín iontach le Harry Clarke, Monet agus Francis Bacon san áireamh.Ansin rinne muid ceardlann ar ‘Caomhnú’ sa Zú agus bhain muid sult as na hainmhithe éagsúlacha a fheiceáil go háirithe an panda dearg agus an tapir ón Mheiriceá theas. Chríochnaigh muid an lá le cuid siopadóireacht agus cúpla taoschnó! Bhain muid sult as an eispéireas agus an fhoghlaim agus beidh cuimhní maith againn den lá.

Cluiche Ceannais Rugbaí F18:

Ádh mór lenár ndaltaí Cuan Ó Bróithe, Ultán Mac Aonghusa, Johnnie Mac Congail agus Finn Ó Dubhaigh atá ag imirt amárach i gCluiche Ceannais Uladh Rugbaí ar fhoireann Leitir Ceanainn F18! @LetterkennyRFC #IsMuidEtbDhunnanGall