Tá moladh ard tuillte ag Clara Ní Mhatha ón Idirbhliain a bhí ainmnithe do Ghradam Óige an Gharda Síochána as ucht a cuid iarrachtaí i leith an cheantair. Is léir gur saoránach den scoth í Clara a thugann sampla ar dóigh dóibh siúd thart uirthi, mar shampla trí éirí go moch achan Domhnaigh agus siúlóid ocht gciliméadar a dhéanamh thart an cheantair ag bailiú bruscar! Tá an teastas seo tuillte go maith agat a Chlara! Anseo le Garda Gráinne Uí Dhochartaigh a tháinig isteach sa scoil chun an bronnadh a dhéanamh ar Chlara.
![](http://colaisteailigh.ie/wp-content/uploads/2022/09/Clara-Ní-Mhatha-Garda-award-1024x770.jpg)
![](http://colaisteailigh.ie/wp-content/uploads/2022/09/Clara-Matherson-Garda-award-cert-1024x791.jpg)