Slán agus beannacht leis an Mháistreás Göppert

Bhí ócáid galánta sa scoil áit ar bhronn na daltaí ó rang Gearmáinise na cúigiú bliana portráid ar an Mháistreás Göppert, tarraingthe ag Eleanor Ní Mheargaidh ón dara bhliain, mar chomhartha buíochais agus dea-ghuí.

Is le croí trom a fhágann muid slán leid an Mháistreás Göppert agus í ag bogadh ar aghaidh go stad eile ina saol tar éis fiche bliain a chaitheamh i dteaghlach Choláiste Ailigh. Ní fhágfaidh na cuimhní den chineáltas, díograis, spraoi agus tacaíocht a léirigh Siobhán do dhaltaí agus foireann na scoile muid choíche.

Tá muid fíor bhuíoch as ucht an obair agus cúram a thug sí i leith spreagadh teanga na Gearmáinise agus na Gaeilge agus an iarracht leanúnach maidir le cúrsaí an Bhrait Ghlais thar na blianta. Guímid gach rath agus sonas ort sa todhchaí.

Bronnadh na hIdirbhliana

Seo agaibh daltaí na hIdirbhliana ag bronnadh na hIdirbhliana! Comhghairdeas le Dan Mac a’Bhaird ar a mbronnadh gradam Spiorad na hIdirbhliana! Buíochas mór leis an Mháistreás Uí Bhriain as ucht an obair agus paisean a chuir sí isteach leis an ghrúpa i rith na bliana. #ismuidetbdhunnangall