Buail isteach linn agus faigh blas den scoil ag an oíche oscailte Dé Ceadaoin 11 Deireadh Fómhair ag 6:30 i.n.
#oicheoscailte #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB

Buail isteach linn agus faigh blas den scoil ag an oíche oscailte Dé Ceadaoin 11 Deireadh Fómhair ag 6:30 i.n.
#oicheoscailte #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Foireann Camógaí F16 Choláiste Ailigh ag blitz Dhún na nGall inniu. Lá ar dóigh! GRMA Coláistì Bhun Cranncha, Coláiste Na Rosann, agus Pobalscoil Carn Domhnaigh. Buíochas leis an Máistir Ó Dochartaigh.
Bhí áthas ar Choláiste Ailigh cuairt a fháil ó Mhéara an bhaile Rudolstadt sa Ghearmáin, Jörg Reichl, maidin Dé Luain..
Phléigh sé féin agus ár bpríomhoide na cosúlachtaí idir ár mbailte – Rudolstadt agus Leitir Ceanainn, ár gcóras oideachais agus faoi na deiseanna a sholáthraíonn dlúth-chomhoibriú idir ár scoil agus an Schillerschule i Rudolstadt. Chuir Coláiste Ailigh fáilte ansin roimh deichniúr dalta ón Schillerschule maidin Mháirt atá ag fanacht linn go dtí an Domhnach an tseachtain seo.
Sa phictiúr anseo tá Seán Mac Suibhne, Príomhoide, Siobhán Goppert, Múinteoir Gearmáinise agus Gaeilge agus Méara Rudolstadt, Jorg Reichl. (in easnamh ón phictiúr inniu: Una Ní Bhriain, Múinteoir Gearmáinise eile sa scoil)
Chomh maith le sin, seo cúpla grianghraif de chuid de na himeachtaí atá déanta acu i dteannta daltaí na scoile go dtí seo.
#ismuidetbdhunnangall#WeAreDonegalETB
Cleachtadh faoi lán seoil i gColáiste Ailigh do Seó na Scoile ‘Siansa Samhna’. Sábháil an dáta -24/25 Deireadh Fómhair/October!!! Ticéid ar díol anois ag www.angrianan.com #IsMuidEtbDhunnanGall #WeAreDonegalEtb
Beidh ranganna ar leibhéil éagsúla ag tosú le Líonra Leitir Ceanainn gan mhoill – i rith an lae agus um thráthnóna. Is féidir clárú ag an nasc thíos nó teagmháil a dhéanamh linn ar 086 0136579 pobal@lionralc.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
https://forms.gle/PDEe9FE2t7ngcEQs7
Irish classes at various levels, during the day and in the evening will be starting soon with Líonra Leitir Ceanainn. You can register at the link above or contact us 086 0136579 pobal@lionralc.ie for more information.
Fáilte mhór roimh dhaltaí na chéad bhliana ar a gcéad lá linn inniu i Coláiste Ailigh – le Príomhoide Seán Mac Suibhne, Leas Phríomhoide Rósa Nic Lochlainn, bliainmhúinteoir Máistreás Uí Ghallachóir agus oidí ranga Máistreas Sadler agus Máistir Ó Maolagáin. #IsMuidEtbDhunnanGall
Comhghairdeas mór le daltaí na chéad bhliana a bhain an duais don ghrúpa is fearr i gcomórtas náisiúnta “This is Art” de chuid RTÉ! Buíochas mór leis an Mháistreás Uí Chanainn! Féach anseo! #isMuidEtbDhunnanGall #WeAreDonegalEtb
https://www.rte.ie/video/id/6515/
Seo agaibh daltaí agus foireann na scoile i mbun an ‘Dreoilín’ ar son Relay for Life! #relayforlife #sealaíochtdonbheatha