Category Archives: Ocáidí

Podchraoladh Pod na Móna tosaithe!

Seo againn Seachtain na Gaeilge!! Chun tús a chur leis an tseachtain, seo agaibh nach do phodchraoladh atá tosaithe ag daltaí na hIdirbhliana i dteannta Líonra Leitir Ceanainn, Pod na Móna!

Seachtain 1

Beidh míreanna faoi fhocail nach bhfuil in úsáid níos mó, agallamh le bainisteoir an fhoireann pheil shinsearach, píosa ceoil ó na láithreoirí agus a bhfad níos mó! #SeachtainNaGaeilge #ismuidetbdhunnangall

Buaiteoir Náisiúnta san fhilíocht!

Bhuaigh Gráinne Ní Chuinneagáin ón chéad bhliain an *chéad ait* i gcomórtas filíochta ar fud na tíre. Comhghairdeas Gráinne! Beidh na dánta seo a fhoilsiú i Leabhrán Náisiúnta Comórtas Scríobh Dán a sheolfar ag na Dámhachtainí Náisiúnta Scríobh Dán/Léamh Maith i mí Aibreáin. Táimid go léir bródúil as Gráinne. ‘Tales Ignite’ a thugtar ar dhán Gráinne agus is mór an t-áthas é a léamh.

Seo sliocht as an dán …

In the vast blue expanse, where dreams take flight,

Dolphins emerge, a breath-taking sight,

With bodies sleek and spirits so free,

They dance through the waves, imperfect harmony

Turas IB go Béal Feirste

Blas den lá ar dóigh a bhí ag daltaí na hIdirbhliana inné i mBéal Feirste, áit a thug siad cuairt ar Mhargadh na Nollag agus a ndeachaidh siad ag scátáil. Mar a fheictear, bhain siad sult mhór as an lá!

Comhghairdeas mór le Siubhán Ní Dhomhnaill atá tar éis Gradam Scoláire a ghnóthú ó DCU.

Comhghairdeas mór le Siubhán Ní Dhomhnaill atá tar éis Gradam Scoláire a ghnóthú ó DCU.

Tugann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aitheantas do mhic léinn ardghnóthachtála atá ag teacht isteach san ollscoil.

Bhronn gach roinn roinnt Gradam Scoláirí ar dhaltaí na gcéad bliana a bhain na pointí is airde amach san Ardteistiméireacht, mar aitheantas ar a ngnóthachtálacha acadúla go dtí seo, agus tá lúcháir agus bród orainn go raibh ár n-iardhalta Siubhán roghnaithe don ghradam. #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB

Siubhán O'Donnell, BSc in Nursing (Children's and General Integrated), Colaiste Ailigh, Dhún Na Ngall with
Principal Séan Uas Mac Suibhne, Professor Dáire Keogh (DCU President, far left) and Professor Michelle Butler
(Executive Dean of DCU Faculty of Science & Health, far right)