Maith sibh gach duine a ghlac páirt i rásaí tras tíre i gCarn Domhnach Dé Máirt – iarrachtaí den scoith curtha isteach agaibh! Comhghairdeas, ach go háirithe, le Cara Nic Chongail a tháinig isteach sa chéad áit sa rás sinsir! Cúpla grianghraf anseo: #ismuidetbdhunnangall
Category Archives: Ocáidí
Torthaí agus pictiúirí 5k 2024
Seo agaibh torthaí an 5k ó aréir agus cúpla grianghraf den ócáid. Buíochas le gach duine a tháinig, a rith agus thug cuidiú chun ócáid iontach a chur ar siúl, ach go háirithe coiste na dtuismitheoirí a rinne obair na gcapall chun an rás a eagrú. Go raibh maith agaibh. #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Torthaí anseo: https://docs.google.com/spreadsheets/d/1YXzfpu7aYHFXZiL7fspdsm074QcRkWV5/edit?usp=sharing&ouid=117437514646377788288&rtpof=true&sd=true
Taispeántas ‘You, Me and Palliative Care’
Cúpla grianghraf ón taispeántas ‘You, Me and Palliative Care’ ón Aoine seo caite.
Comhghairdeas do na daltaí a bhí páirteach sa tionscadail agus a chruthaigh ealaín iontach don ócáid.
Míle buíochas fosta do na daltaí ó bhliain 6 agus Máistreás Uí Thaidhg a bhí ag seinm ceol ar an lá.
Ócáid iontach speisialta ar fad a bhí ann le Maighréad Ní Mhaonaigh mar aoi speisialta.
Beidh na saothair ealaíne anois crochta san Ospís ar feadh tréimhse agus ansin san RCC. #IsMuidETBDhunnanGall#DonegalHospice
TÚS LE CEILIÚRADH 25 BLIANA
Sheol pobal Choláiste Ailigh sraith speisialta imeachtaí Dé hAoine chun comóradh 25 bliain na scoile a cheiliúradh. Bhí ceol álainn, óráidí corraitheacha, agus cuairt speisialta ó Mhéara Leitir Ceanainn, an Comhairleoir Gerry McMonagle, i láthair linn. D’fhógair an scoil go bródúil buaiteoir an chomórtais chun lógó comórtha a dhearadh – Comhghairdeas mór le dalta na tríú bliana Máire Nic Giolla Chóin! Comhghairdeas freisin leis na príomhchinnirí don scoilbhliain seo freisin, a ainmníodh agus ar a raibh bronnta suaitheantais na gcinnirí.
Bígí ag súil le himeachtaí ar an 25ú de gach mí tríd an bhliain, ag tosú leis an rás 5k ar an 25 Meán Fómhair!
The community of Coláiste Ailigh launched a special series of events on Friday to celebrate the school’s 25th anniversary. We were treated to beautiful music, moving speeches, and a special visit from the Mayor of Letterkenny, Councilor Gerry McMonagle. The school proudly announced the winner of the competition to design a commemorative logo – Congratulations to third year student Máire Nic Giolla Chóin! Congratulations also to the senior prefects for this school year as well, who were named and awarded their prefect badges.
Keep an eye out for events on the 25th of each month throughout the year, starting with the 5k race on September 25th!
RTE le daltaí Ealaíne na cúigiú bliana
Comhghairdeas leis na daltaí ón 5ú agus 6ú bliain atá ag glacadh páirt sa taispeántas ealaín ‘You, Me and Palliative Care’.
Bhí Shane Curran ó RTE linn ar maidin ag déanamh taiféad faoi agus beidh an píosa ag dul amach ar ‘News Today’ ag 4.20 Dé Luain 8 Meán Fómhair.
Beidh an taispeántas ar súil ar an Aoine 14 sa CoLab ATU ó 10-4 le Mairéad Ní Mhaoinigh ag seoladh an ocáid.
Dátaí Athoscailte na Scoile
Slán agus beannacht leis an Mháistreás Göppert
Bhí ócáid galánta sa scoil áit ar bhronn na daltaí ó rang Gearmáinise na cúigiú bliana portráid ar an Mháistreás Göppert, tarraingthe ag Eleanor Ní Mheargaidh ón dara bhliain, mar chomhartha buíochais agus dea-ghuí.
Is le croí trom a fhágann muid slán leid an Mháistreás Göppert agus í ag bogadh ar aghaidh go stad eile ina saol tar éis fiche bliain a chaitheamh i dteaghlach Choláiste Ailigh. Ní fhágfaidh na cuimhní den chineáltas, díograis, spraoi agus tacaíocht a léirigh Siobhán do dhaltaí agus foireann na scoile muid choíche.
Tá muid fíor bhuíoch as ucht an obair agus cúram a thug sí i leith spreagadh teanga na Gearmáinise agus na Gaeilge agus an iarracht leanúnach maidir le cúrsaí an Bhrait Ghlais thar na blianta. Guímid gach rath agus sonas ort sa todhchaí.
Scoláireacht ATU faighte ag iardhalta Erin Ní Dhochartaigh
Táimid iontach bródúil anseo as Iardhalta na scoile Erin Ní Dhochartaigh atá tar éis scoláireacht spóirt 2023/2024 ATU Donegal a ghnóthú! Maith thú Erin! #WeAreDonegalETB #ismuidetbdhunnangall
Bronnadh na hIdirbhliana
Seo agaibh daltaí na hIdirbhliana ag bronnadh na hIdirbhliana! Comhghairdeas le Dan Mac a’Bhaird ar a mbronnadh gradam Spiorad na hIdirbhliana! Buíochas mór leis an Mháistreás Uí Bhriain as ucht an obair agus paisean a chuir sí isteach leis an ghrúpa i rith na bliana. #ismuidetbdhunnangall