Category Archives: Ocáidí

Peil F20 na ngirseacha

Mí adh le na girseacha F20 a chaill in eadan Loreto Leitir Ceanainn inniu tar éis cluiche ar dóigh. Ádh mór anois chuig Loreto Leitir Ceanainn sa chluiche ceathrú ceannais in Uladh.

BT Eolaithe Óga 2023!

Seo agaibh BT Eolaithe Óga Choláiste Ailigh 2023! D’éirigh le cúig tograí fáil tríd go dtí an comórtas i mBaile Átha Cliath Mí Eanáir seo chugainn. Mar a fheiceann sibh, tá siad réidh le dul! Comhghairdeas libh!

Bua san iománaíochT

Comhghairdeas le Coláistí Leitir Ceanainn ag a raibh an bua san iománaíocht in éadan Coláiste  Colmcille, Béal Átha Seannaigh acu an tseachtain seo.  Imreoirí Choláiste Ailigh,  Choláiste Naomh Adhmnáin agus Loretto Bhaile na nGallóglach ag imirt san fhoireann.

Adhmad De Dhíth do mhargadh na Nollag

Táimid ag lorg adhmad don margadh Nollaig! Má tá adhmad ina luí ag aon duine sa bhaile bheadh muid buíoch as. Tá leantóir agam sa bhaile agus thig liom é a phiocadh suas. Thig leat teaghmháil a dhéanamh liom (Máistir Ó Maolgáin) fríd blaineomaolagain@donegaletb.ie. Go raibh maith agat!