Tá féilire speisialta ar fáil le ceannacht ag Margadh na Nollag Choláiste Ailigh i mbliana. Tá na griangráfanna glactha ag na daltaí iad féin agus tá píosaí ceoil mar nasc QR ar roinnt míonna. Seo píosaí ceoil a thaifead na daltaí iad féin. Tá costas €10 air. Beidh sé ar fáil ar an Aoine sa halla agus tar éis sin ó oifig na scoile. This year we have a special calendar available to buy at our Christmas fair. The photos have been taken by our transition year students themselves and there is a QR code attached to several months that links to several pieces of music recorded by the students themselves. The calendar costs €10. It will be available in the hall on Friday to buy or afterwards from the school office.
Category Archives: Ocáidí
Margadh na Nollag físeán gairid anseo!
Tá muid ag súil go mór tuismitheoirí agus teaghlaigh an idirbhliain agus an chéad bhliain a fheiceáil ar an Aoine ag Margadh na Nollag Choláiste Ailigh. Beidh earraí nollag, bia agus deoch ar fáil agus grúpa ceoil na scoile ag seinm carúil beo.
Rang a sé – brú anseo do phictiúirí bhur miasanna Petri!!!
Bua 8-0 ag na cailíní F19 sa sacar inniu!
Bua 8-0 ag na cailíní F19 sa sacar inniu! Comhghairdeas libh!

Fáilte go dtí an oíche oscailte ó Lucca agus Cáit!
Ceannbuachaill agus ceanncailín Luca agus Cáit anseo ag tabhairt cuireadh isteach go hoíche oscailte sa scoil Dé Céadaoin 30 Samhain agu 6 i.n. !
School prefects Lucca and Cáit here to invite sixth-class students, parents and guardians to drop into the school to meet the staff and see our excellent facilities on Wednesday the 30th November at 6pm.
Ag Ullmhú do Mhargadh na Nollaig!!
Tá’n t-am sin den bhliain ann arís! Na daltaí ag obair go crua ag ullmhú do Mhargadh na Nollag. Tá muid ag súil go mór leis an spraoi a bhéas againn ar an 9ú lá d’Nollag. Tuilleadh le teacht!
Filí na Scoile i MBaile Átha Cliath!
Ghlac daltaí ón chéad, dara agus triú bliain páirt agus roghnaíodh cearthar le páirt a ghlacadh sa chomórtas naisiúnta Guth na hÉigse, comórtas filíochta a bhí a reachtáil ag IMRAM don chéad uair ariamh i mbliana (cosúil le Poetry Aloud sa Bhéarla). Bhí an comórtas in Amharclann Smock Alley I mBÁC. Bhí Jason Ó Maoláin agus Pádraig Mac Giilla Choinn roghnaíthe ón triú bliain, agus Sinéad NicMeanman agus Sophie Ní Fhearraigh ón chéad bhliain. Ar an drochuair ní raibh Sophie nó Pádraig abálta páirt a ghlacadh. Rinne Jason agus Sinéad sár obair ar an lá agus d’éirigh le Jason an dara háit a bhaint amach i rannóg na sóiséar. Comhghairdeas le Jason agus le gach duine a ghlac páirt ann. Bhí lá ar dóigh acu i mBÁC inné! Buíochas le Máistir Ó Gallachóir, Máistreas Uí Thaidhg agus Máistreas Uí Bhriain as ucht an treoir agus tacaíocht a thug siad.
Daltaí na dara bliana ag glacadh páirt i sheachtain ‘Seas Suas’!
Gníomhaíochtaí comhionannais i leith cothromais le scoláirí na dara bliana mar chuid de sheachtain chuimsithe ‘Seas Suas’ sa scoil!
Aonach na Gaeilge i nGaelcoil Adhamhnáin.
Bígí ag Aonach na Gaeilge i nGaelcoil Adhmnáin Dé Sathairn 26 Samhain idir 1 agus 4 i.n.!

Lá na Stocaí Corr
Craic mhaith sa scoil le Lá na Stocaí Corr mar chuid de Sheachtain Seas Suas sa scoil. Tá súil againn go mbainfidh na buaiteoirí sult as na seacláidí!
