All posts by Shane

Eoin Ó Domhnaill ag Dáil Éireann!

Daltaí na scoile ag breathnú ar Eoin Ó Dhomhnaill agus é ag comhthionól na nÓg ar Athrú Aeráide i nDáil Éireann Dé hAoine:, maith thú Eoin!

Daltaí na scoile ag breathnú ar Eoin Ó Dhomhnaill agus é ag comhthinól na nÓg ar Athrú Aeráid i nDáil Éireann Dé hAoine.

Scoláireachtaí faighte ag Diarmuid Ó Cathail agus Ailsing Ní Fhearáín do UCD

Comhghairdeas le h-iardhalta Diarmuid Ó Cathail ar a bronnadh Scolaireacht faoi Scéim na Gaeilge in Ollscoil Bhaile Átha Cliath aréir, le Príomhoide Coláiste Ailigh Micheál Ó Giobúin
Comhghairdeas le hAisling Ní Fhearáin ar a bronnadh scoláireacht iontrála aréir in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, le Príomhoide na Scoile Micheál Ó Giobúin
Diarmuid Ó Cathail lena dheirfiúr Méabh agus a mháthair Bairbre le hAisling Ní Fhearáin agus a máthair Dara ag bronnadh na scoláireachtaí in Ollscoil Bhaile Átha Cliath aréir

Aisling Ní Fhearáin lena máthair bródúil Dara.

Gradam Leabhair Éireannaigh – Comhghairdeas agus Ádh mór leis an Máistir Mac a’Bhaird

Comhghairdeas Mór leis an Máistir Mac a’Bhaird atá ainmnithe ar ghearrliosta do ghradam náisiúnta – An Post – Irish Book Award 2019. Tá an t-áth linn go bhfuil tallann den chineál seo mar mhúinteoir againn sa scoil anseo i gColáiste Ailigh. Roghnófar na buaiteoirí náisiúnta Dé Céadaoin 20 Samhain. Áth mór a Mháistir!

https://www.rte.ie/culture/2019/1018/1084192-shortlist-announced-for-irish-book-awards-2019/

Máistir Mac a'Bhaird
Máistir Mac a'Bhaird: Stair, Gaeilge

Cormac Breathnach agus Seachtain na hEolaíochta

Seo agaibh Cormac Breathnach ón chéad bhliain ag cur crann fuinseoige mar cheiliúradh ar Sheachtain Eolaíochta. D’éirigh le Cormac fáil tríd go comórtas BT Eolaí Óg na Bliana le tionscadal bainteach le galar chríonadh siar a bhíonn éifeacht aige ar chrainn fuinseoga. Bíonn tionchar ollmhór ag an ghalar seo ar mhéid an adhmaid seo atá ar fáil chun camáin a dhéanamh. Iompórtáiltear ochtú cúig f’an gcéad den fhuinseog atá de dhíth faoi láthair. Tá Cormac ag déanamh staidéar ar adhmaid dúchais ailtéarnacha le húsáid chun camáin a dhéanamh. Is iománaí den scoth é Cormac mar atá a athair atá le feiceáil sa ghrianghraif anseo freisin.

Ó clé: Colm Breathnach, Príomhoide Gaelscoil Adhamhnáin, Frank Ward, Facilities Manager, BAM, Cormac Breathnach, Siún Göppert, comhordaitheoir Brat Glas, Coláiste Ailigh, Micheál Ó Giobúin, Príomhoide, Coláiste Ailigh

Eolaíthe Óga 2020!

Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas mór a ghabháil lenar ndaltaí a d’éirigh leo fáil tríd go comórtas Eolaí Óg na Bliana 2020. Áth mór le na 6 thionscnaimh a ghlacfaidh páirt i mBaile Átha Cliath mí Eanáir.

Maith sibh Liam, Zak, Lachlann, Cormac, Roisín, Chloe agus Andrea!