All posts by Shane

Fáilte d’iardhaltaí teacht isteach chun torthaí a fháil ar maidin

Fáilte roimh daltaí na séú bliana anuraidh teacht isteach sa scoil maidin amárach chun na torthaí a fháil! Beidh seomra Maistreás Uí Cheallaigh oscailte agus an Mháistreás ar fáil idir 10:00 agus 12:00 más mian le duine ar bith na ríomhairí ansin a usáid chun na torthaí a fháil ar líne le tacaíocht agus comhluadar. Beidh tae, caifé agus cairdeas ar fáil 🙂

Buíochas agus slán le Máistreás Uí RÓIS

Bhailigh pobal na scoile le chéile inniu chun slán a fhágáil le Máistreás Uí Róis agus í ag fágáil ar sos ghairme. Ní raibh súil thirim sa halla agus muid ag gabháil buíochas leí as ucht an tionchar ollmhór a bhí aici ar shaol na ndaltaí agus ar spiorad na scoile thar na blianta. Guímid gach rath uirthi sa todhchaí!

Searmanas Bronnta Duaiseanna

Ócáid fíor thábhachtach i bhféilire na scoilbhliana ná an ócáid bhronnta gradaim, áit a mbíonn an deis againn bailiú le chéile, idir fhoireann, daltaí agus tuismitheoirí na scoile, chun gaiscí ár ndaltaí a cheiliúradh. Buíochas lenár n-aoíonna Seán Ó Loingeáin agus Paul Ó Hannagáin. Seo agaibh cuid de na príomh ghradaim bronnta.

Comhghairdeas ach go háirithe le Beibhinn Ní Giolla Chomhaill agus le Pól Mac Giolla Easpaig ar a mbronnadh Gradaim  Scoláire na Bliana 2021/2022 de bharr an meas a léirigh siad dá múinteoirí, comhscoláirí agus d’éiteas Choláiste Ailigh agus a gcuid  iarrachtaí le gach gné de rannpháirtíocht i  saol na scoile. Tréaslaíonn muid uilig libh!