Tá’n t-am sin den bhliain ann arís! Na daltaí ag obair go crua ag ullmhú do Mhargadh na Nollag. Tá muid ag súil go mór leis an spraoi a bhéas againn ar an 9ú lá d’Nollag. Tuilleadh le teacht!
All posts by Shane
Filí na Scoile i MBaile Átha Cliath!
Ghlac daltaí ón chéad, dara agus triú bliain páirt agus roghnaíodh cearthar le páirt a ghlacadh sa chomórtas naisiúnta Guth na hÉigse, comórtas filíochta a bhí a reachtáil ag IMRAM don chéad uair ariamh i mbliana (cosúil le Poetry Aloud sa Bhéarla). Bhí an comórtas in Amharclann Smock Alley I mBÁC. Bhí Jason Ó Maoláin agus Pádraig Mac Giilla Choinn roghnaíthe ón triú bliain, agus Sinéad NicMeanman agus Sophie Ní Fhearraigh ón chéad bhliain. Ar an drochuair ní raibh Sophie nó Pádraig abálta páirt a ghlacadh. Rinne Jason agus Sinéad sár obair ar an lá agus d’éirigh le Jason an dara háit a bhaint amach i rannóg na sóiséar. Comhghairdeas le Jason agus le gach duine a ghlac páirt ann. Bhí lá ar dóigh acu i mBÁC inné! Buíochas le Máistir Ó Gallachóir, Máistreas Uí Thaidhg agus Máistreas Uí Bhriain as ucht an treoir agus tacaíocht a thug siad.
Daltaí na dara bliana ag glacadh páirt i sheachtain ‘Seas Suas’!
Gníomhaíochtaí comhionannais i leith cothromais le scoláirí na dara bliana mar chuid de sheachtain chuimsithe ‘Seas Suas’ sa scoil!
Aonach na Gaeilge i nGaelcoil Adhamhnáin.
Bígí ag Aonach na Gaeilge i nGaelcoil Adhmnáin Dé Sathairn 26 Samhain idir 1 agus 4 i.n.!
Lá na Stocaí Corr
Craic mhaith sa scoil le Lá na Stocaí Corr mar chuid de Sheachtain Seas Suas sa scoil. Tá súil againn go mbainfidh na buaiteoirí sult as na seacláidí!
Peil F20 na ngirseacha
Mí adh le na girseacha F20 a chaill in eadan Loreto Leitir Ceanainn inniu tar éis cluiche ar dóigh. Ádh mór anois chuig Loreto Leitir Ceanainn sa chluiche ceathrú ceannais in Uladh.
Cispheil F19 na ngasúirí
Cluiche ar dóigh inniu gasúirí F19 sa chispheil, buíochas le Linda Nic Aonghusa agus Máistir Ó Comhain!
Ullmhú do sheachtain Seas Suas
Tá muid ag ullmhú do sheachtain Seas Suas an tseachtain seo chugain anseo sa scoil. Coinnigh súil amach!
Seimineár gréasáin do thuismitheoirí
Seo seimineár gréasáin de chuid Barnardos agus scoileanna Etb do thuismitheorí ag tarlúint Dé Máirt 8 Samhain idir 7:30 agus 8:30 i.n. Brú an nasc seo le páirt a ghlacadh ann. https://avc-ie.zoom.us/webinar/register/WN_nLKTS29HQ0mEQNyrFmoFqg
Bosca Nollaig do PháistÍ Bochta san Eoraip
Le bhur dtoill glacaicí páirt agus déan bosca Nollaig do pháistí bochta san Eoraip. Gasúr nó girseach – san aoisghrúpa seo 2-4, 5-9 nó 10-14.
Níos mó eolais ar suíomh seo.
https://www.teamhope.ie/
Spriocdháta 7 Samhain. Go raibh maith agaibh.