All posts by Shane

Margadh na Nollag Déardaoin 3:30 go 7:00 i.n.

Athrú ar an Dáta

Beidh Margadh na Nollag na scoile ar siúl ar an Déardaoin beag seo, 12ú Nollaig i halla na scoile ón 13:30 – 19:00.
Tabharfaidh seo deis do dhaoine buaileadh isteach tar éis am oibre mas mian leo.
Bhí daltaí na hidirbhliana ag obair go crua le cúpla mí anuas ag déanamh earraí lámhdhéanta Nollag.
Beidh go leor rudaí deasa ar díol ar an lá, agus chomh maith leis sin beidh caife Ailigh ar oscailt, áit gur féidir soláistí agus bolgam a cheannach.
Rachaidh céadtadán den bhrabús a dhéantar ar an lá go Pieta House agus Divine Mercy Centre.
Buailigí isteach agus tacaígí linn.

Change of Date

The school’s Christmas market will take place on Thursday December 12th in the school hall from 13:30 to 19:00.
This will give everyone an opportunity to call in after worktime if they wish.
Our TY students have been working hard these past few months making homemade Christmas goods.
There will be plenty of lovely things on sale, and Caife Ailigh coffee shop will also be open, where refreshments and treats can be purchased and enjoyed.
A percentage of our profits will be donated to Pieta House and Divine Mercy Centre.
Call in and support us!

Scléip24!

Bhí lá ar dóigh ag ár ndaltaí ceoil ag Scléip Gael Linn sa tSráth Bán inniu. Táimid chomh brodúil astú uilig. Ghlac 37 dalta páirt ins na rannógaí éagsúla idir ghrúpaí agus ceol aonair. Bhí an caighdéan an-ard agus tá lúchair orainn a rá go bhfuair Shannan Nic Fhionnlaoich ón 1d Bhliain agus Sadbh Breathnach ón 5ú Bl fríd go dtí Craobh na hÉireann sa Helix mBaile Átha Cliath i Mí Feabhra sa rannóg Amhránaíocht Aonair. Buíochas le Máistreas Uí Thaidhg agus Máistreas Ní Dhochartaigh a d’fhreastal leo inniu agus a thug an deis dóibh. 🎶 #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB #scleip

Margadh na Nollag 13 Nollaig

Beidh Margadh Nollaig Choláiste Ailigh 2024 ar siúil Dé hAoine 13/12/24.
Tá fáilte roimh gach duine beag agus mór. Beidh muid oscailte ó 9.30 r.n go dtí 1.20 i.n sa halla spórt. Beidh earraí lámhcheardaíocht ghalánta ar díol againn, beidh bia blasta agus deochanna ar fáil le ceannacht agus ceol beo speisialta seinnte ag ar ndaltaí i rith an imeacht. Déan cinnte go mbualann sibh isteach. Feicfidh sibh ón físeán go bhfuil daltaí na h-idirbhliana iontach gnóthach ar fad ag ullmhú!

Our annual Coláiste Ailigh Christmas fair is on the Friday 13/12/24. Everyone is welcome at this lovely event. We are open from 9.30 am until 1.20 pm in our sports hall. We’re selling beautiful handcrafted crafts, tasty food and drinks are available to buy and special live music will be performed by our students during the event. Please make sure to call in and see us. You can see from our video our transition year students are extremely busy preparing! #WeAreDonegalETB #ismuidetbdhunnangall #margadhnanollag

Éadaí Nollag?

Tá suim againn éadaí nollag ar athlámh a dhíol ag Margadh na Nollag i mbliana. Bheadh muid fíorbhuíoch daoibh as ucht aon éadaí atá ceannaithe agaibh thar na mblianta, nach bhfuil sibh ag úsáid níos mó, a thógáil isteach againn anseo sa scoil.  Téann céatádán den bhrabús a dhéanann muid chuig carthanas gach bliain.

We are interested in selling preloved christmas clothes at our Christmas Market this year.  We would very much appreciate any donations of christmas clothes you have bought over the years and now have no use for them.  You can drop them into the school at your convenience.  A percentage of profits are donated to a charity each year.

Míle buíochas.

Spraoi na Samhna

Spraoi na Samhna! Bhí lá lán spraoi againn chun teacht na Samhna agus 25 bliana a chéiliúradh inniu! Idir tráth na gceist leis an chéad agus idirbhliain, Díolachán bacála ar son Cancer Care West, cluichí meantóireachta agus tionól iomlán scoile áit ar bhronnadh duaiseanna don feisteas is fearr in achan bhliain, Dearbháin angus teastais Laochra na Gaeilge agus Duaiseanna ón Choiste Gaelbhratachta don fhilíocht agus gléasadh le téama na Gaeilge.

Laochra na Gaeilge !

Comhghairdeas mór lenár Laochra na Gaeilge don leath-théarma seo. Roghnaithe ag daltaí sinsearacha na scoile, seo agaibh daltaí atá iarracht den scoth déanta acu an teanga a chur chun cinn i dtimpeallacht na scoile agus sa cheantar máguaird. Tá duais dearbhán buaite ag: Faith Leigh Bomagh, NIamh NIc Íomhair, Meadhbh Ní Shraitheáin agus Ruben Ó Ciaráin. Maith sibh! #laochranagaeilge #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB

Oiche Oscailte Céadaoin 9 Deireadh Fómhair

Bígí linn amárach, Dé Céadaoin 9ú, don lá agus oíche oscailte.
Fáilte roimh gach duine ag 6:30 i.n. bualadh isteach agus blas den scoil a fháil!
Open night tomorrow (Wednesday 9th) evening at 6:30 p.m. Welcome all – drop in, meet us and get a flavour of the school!

Rásaí tras tíre – Bua ag Cara!

Maith sibh gach duine a ghlac páirt i rásaí tras tíre i gCarn Domhnach Dé Máirt – iarrachtaí den scoith curtha isteach agaibh! Comhghairdeas, ach go háirithe, le Cara Nic Chongail a tháinig isteach sa chéad áit sa rás sinsir! Cúpla grianghraf anseo: #ismuidetbdhunnangall

Torthaí agus pictiúirí 5k 2024

Seo agaibh torthaí an 5k ó aréir agus cúpla grianghraf den ócáid. Buíochas le gach duine a tháinig, a rith agus thug cuidiú chun ócáid iontach a chur ar siúl, ach go háirithe coiste na dtuismitheoirí a rinne obair na gcapall chun an rás a eagrú. Go raibh maith agaibh. #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Torthaí anseo: https://docs.google.com/spreadsheets/d/1YXzfpu7aYHFXZiL7fspdsm074QcRkWV5/edit?usp=sharing&ouid=117437514646377788288&rtpof=true&sd=true