€655 do mhuintir na hUcráine ón díolachán bacála!

Bhí Díolachán Bácála ag an 3ú bliain OSSP & chruinnigh siad £655 ar son muintir na hÚcráine. Bhuail muid le Oksana Krysynsra agus Margaret Larkin ó Forbairt Áitiúil Dhún na nGall & mhínigh siad dúinn an dea-oibre atá siad ag déanamh agus an chinéal tacaíocht atá de dhíth orthu. Tá na daltaí chun gníómhaíochtaí a chur ar siúl chun fáilte a chur roimh deagóirí & paistí ón Úcráin cuairt a thabhairt ar Choláiste Ailigh amach anseo.