Bua ag Coláiste Ailigh sa Sacar!

🙌🥳🏆🥇 Bua ag Coláiste Ailigh sa Sacar! Imríodh Cluiche Ceannais Uladh do Bhuachaillí Scoileanna inniu i Radharc na Leice i Leitir Ceanainn. Bhí an Bua ag foireann Choláiste Ailigh in éadan PS Fál Carrach. Ba é Jimmy Stafford, Uachtarán Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, a bhronn na boinn, sa phictiúr anseo leis an dá chaptaen foirne. Comhghairdeas mór lenar ngasúirí inniu agus buíochas le Colm Mac Daibhéid as ucht an stiúradh agus spreagadh a thug sé don fhoireann. 🙌🥳🏆🥇