Bua ag Coláiste Ailigh sa Sacar!

🙌🥳🏆🥇 Bua ag Coláiste Ailigh sa Sacar! Imríodh Cluiche Ceannais Uladh do Bhuachaillí Scoileanna inniu i Radharc na Leice i Leitir Ceanainn. Bhí an Bua ag foireann Choláiste Ailigh in éadan PS Fál Carrach. Ba é Jimmy Stafford, Uachtarán Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, a bhronn na boinn, sa phictiúr anseo leis an dá chaptaen foirne. Comhghairdeas mór lenar ngasúirí inniu agus buíochas le Colm Mac Daibhéid as ucht an stiúradh agus spreagadh a thug sé don fhoireann. 🙌🥳🏆🥇

camógaíocht uladh

Beidh Sinéad Ní Shiadhail, Blaithín Ní Earáin agus Ella Kate Nic Giolla Easpaig ag imirt i gcluiche ceannais mionúr Camógaíochta Uladh ar an Domhnach in éadan Thír Eoghain i gCLG Éadan na dTorc.

Ádh mór orthu agus gach rath orthu sa chluiche! 💪💚💛