Dhá ghradam buaite ag daltaí Choláiste Ailigh! Comhghairdeas lenár nEolaithe Óga i mBaile Átha Cliath Siún Ní Dhomhnaill, Lorcán Ó Fearáil, Ella Homer, Fianna Ní Ghaotháin, Faith-Leigh Bomagh, Síofra Ní Chnáimhsí, Ava Ní Giolla Chomghaill, Faye Ní Ghallachóir agus Sarah Rose Ní Earchaí. Tá muid an-bhródúil astu agus gabhann muid comhghairdeas ar leith le Lorcán, Ella agus Siún a bhain Gradam Ard Molta ar son a dtogra ar éifeacht chóbailt ar fhás algaí agus le Fianna, Faith-Leigh agus Síofra a bhain Gradam Ard Molta ar son a dtogra ar Éiefeachtaí Mhinicíocht Fuaime ar Fhás Phlanda. Maith sibh!
Monthly Archives: January 2025
Cluiche Ceannais Uladh F19 Dé Domhnaigh!
Áth mór leis na cailíní ag Cluiche Ceannais Uladh Sacair F19 in éadan Pobalscoil Gaoth Dobhair i bPáirc Leckview, Leitir Ceanainn. Beidh sé ar siúl Dé Domhnaigh ag tosú ar 18:00. Fáilte roimh thacaíocht ar bith! Coláiste Ailigh Abú!! #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB