Comhghairdeas lenár nEolaithe Óga!

comhghairdeas mór tuillte ag na daltaí uilig a ghlac páirt i gComórtas BT Eolaí Óg 2019. Chuaigh seacht dtionscnaimh shuimiúla síos go Baile Átha Cliath a tharraing suim agus meas na moltóirí agus an phobail ghinearálta, na meán cumarsáide ina measc.

D’éirigh linn trí dhuaiseanna a ghlacadh abhaile linn freisin, le hOisín Ó Fearáin ón idirbhliain ag piocadh suas dhá dhuais, ceann amháin don tionscnamh is fearr trí mheán na Gaeilge, dá thionscnamh ar mheon aoisghrúpaí éagsúla ar an athrú aeráide. Bhain Clodadh Ní Chonchúir ón gCéad Bhliain duais chomh maith ar úsáid seile mar tháscaire ar díhiodráitiú.

Chuaigh scaifte daltaí ón scoil síos don lá Dé hAoine freisin chun blas den ócáid agus inspioráid a fháil. Bhain siad an sult agus tairbhe as an lá.