Tuairisc Fhéinmheastóireacht Scoile 2016-2017

 

 

 

 

Coláiste Ailigh

Cnoc na Móna

Leitir Ceanainn

Tír Chonaill

 

Uimhir Rolla 7608IF

 

Tuairisc Fhéinmheastóireachta Scoile

 

Tréimhse na Tuairisce: Lúnasa 2016 – Bealtaine 2017

Dáta eisiúna na tuairisce: 2 Meitheamh 2017

 

 

 

Tuairisc Fhéinmheastóireachta Scoile

 

  1. Réamhrá

1.1 Fócas na meastóireachta

Rinneadh féinmheastóireacht ar theagasc agus ar fhoghlaim i gColáiste Ailigh le linn na tréimhse Lúnasa 2016 go Bealtaine 2017. Chuir foireann na scoile Plean Feabhsúcháin Scoile (PFS) i bhfeidhm le béim ar leith ar Litearthacht na Gaeilge, ar an Litearthacht Bhéil agus ar an Uimhearthacht. Rinneadh meastóireacht agus athbhreithniú ar an PFS i mí na Samhna, i mí Mhárta agus arís i Mí Bhealtaine. Thíos tá tuairisc ar thátail na meastóireachta sin.

I rith na bliana fosta, rinneadh mórshuirbhé i measc tuismitheoirí, múinteoirí, daltaí agus bainistíocht na scoile le fianaise a bhailiú faoi theagasc agus foghlaim sa scoil. Chomh maith le sin, rinne cigirí de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna Meastóireacht Scoile Uile ar Choláiste Ailigh agus cuireadh torthaí na meastóireachta sin ar fáil don scoil. Bunaithe ar an eolas seo, shocraigh an scoil ar na réimse seo a leanas a bheith mar fhócas don fhéinmheastóireacht scoile don scoilbhliain 2017-2018: Difreáil, Traenáil san OCG (Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta) agus forbairt ar fheidhmiú mheánbhainistíocht na scoile. Tá tuairisc ar thátail na meastóireachta sin thíos.

 

1.2 Comhthéacs na scoile

Is gaelcholáiste pobail measctha í an scoil. Bunaíodh í sa bhliain 2000 le freastal ar scoláirí i mbaile Leitir Ceanainn agus sa cheantar máguaird. Tá 272 scoláire ag freastal ar an scoil faoi láthair. Thosaigh 48 sa Chéad Bhliain i Meán Fómhair 2016 agus astu sin, tháinig 40 ón ghaelscoil áitiúil agus an chuid eile ó bhunscoileanna Gaeltachta agus ó bhunscoileanna ina ndearnadh an teagasc trí Bhéarla. Fuair an scoil tuairisc faoin scrúdú caighdeánaithe a rinne 44 de na daltaí agus iad i rang a sé sa bhunscoil.

Is í an Ghaeilge príomhtheanga chumarsáide agus oibre na scoile. Cuirtear an-bhéim ar an Ghaeilge mar theanga chaidrimh na foirne, na scoláirí agus pobal na scoile. Múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge (seachas na teangacha iasachta) agus úsáidtear an Ghaeilge ag gach ócáid scoile taobh istigh agus taobh amuigh den scoil. Ní gaeilgeoir gach tuismitheoir agus ar an ábhar sin déantar cuid d’obair na scoile (cruinnithe tuismitheoirí, mar shampla) trí mheán an Bhéarla nuair is gá.

Leanann gach scoláire cúrsa trí bliana sa tSraith Shóisearach agus dhá bhliain sa tSraith Shinsearach (Gairmchlár na hArdteistiméireachta san áireamh). Bíonn rogha ag scoláirí an Idirbhliain a dhéanamh. Roghnaíonn tromlach na ndaltaí cúrsa na hIdirbhliana a dhéanamh.

1.3 Bailiú na Fianaise

I dteannta leis an phríomhoide agus le bainistíocht shinsearach na scoile agus bunaithe ar an doiciméad Ag Breathnú ar an Scoil Againne 2016 – Creat Cáilíochta d’Iar-bhunscoileanna, a d’eisigh an Chigireacht, dhear an múinteoir a bhfuil cúram na féinmheastóireachta air ceithre cheistneoir le cur ar pháirtithe éagsúla na scoile.

  1. D’oibrigh múinteoirí na scoile i bhfócasghrúpaí agus phléigh siad ceistneoir a bhain le teagasc agus foghlaim na ndaltaí sa scoil. Bailíodh tuairimí ó na fócasghrúpaí sin.
  2. Cuireadh ceistneoir ar na daltaí le heolas a bhailiú faoin dearcadh atá acu féin ar fhoghlaim agus teagasc agus gnéithe eile a bhaineann le saol s’acu ar scoil.
  3. Cuireadh ceistneoir ar thuismitheoirí na scoile le heolas a bhailiú faoin dearcadh a bhí acu féin ar fhoghlaim agus teagasc sa scoil, bainistiú na scoile agus gnéithe eile a bhain le hobair na scoile.
  4. Cuireadh ceistneoir ar bhainistíocht na scoile (Bord Bainistíochta, PO/POT agus na postshealbhóirí) chun tuairimí s’acu a fháil ar bhainistiú na scoile.
  5. Rinneadh anailís ar an tuairisc a fuarthas i ndiaidh don Chigireacht Meastóireacht Scoile Uile a dhéanamh sa scoil in Earrach 2017.
  6. Cuireadh scrúdú litearthachta agus uimhearthachta ar na daltaí sa Chéad Bhliain.
  7. Rinneadh anailís ar na torthaí STen a ghnóthaigh daltaí agus iad i rang 6 sa bhunscoil.
  8. Bailíodh eolas ó na múinteoirí i dtaobh chur i bhfeidhm PFS 2016-2017.
  9. Na tátail

Seo a leanas cáilíocht an chleachtais maidir leis na trí fhothéamaí meastóireachta:

 

 

 

  1. Ar an iomlán gnóthaíonn scoláirí Choláiste Ailigh marcanna atá os cionn an mheáin naisiúnta i scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.

 

  1. Aontaíonn 3% de na tuismitheoirí go bhfuil dul chun cinn maith déanta ag a bpáistí ina gcuid foghlama sa scoil.

 

  1. Thug 89% de na daltaí le fios gur mhaith leo cruthú go maith sna scrúduithe, 77% go bhfuil sé furasta a bheith ag foghlaim i gColáiste Ailigh agus 74% go nglacann siad freagracht as a bhfoghlaim féin.

 

  1. Bíonn ionchais arda ag múinteoirí, ach aithníonn siad go bhfuil gá le hobair a dhéanamh maidir le scileanna staidéir agus foghlaim neamhspleách a chothú agus chun straitéisí difreála a fhorbairt.

 

  1. D’aithin Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna go bhfuil ionchais arda ag na múinteoirí i leith na scoláirí, gur léirigh an chuid is mó de na scoláirí dearcadh fiosrach, tuiscint mhaith ar ábhar na gceachtanna agus cleachtadh maith ar na scileanna a bhí á bhforbairt. Bhí siad spreagtha chun foghlama agus bhí siad ag súil le gnóthachtáil mar fhoghlaimeoirí. Sin ráite, dúradh go raibh scóip chun feabhais maidir le hobair ghrúpa, measúnú chun foghlama agus difreáil.

 

 

 

 

 

 

  1. D’aithin na tuismitheoirí agus na daltaí go raibh timpeallacht chairdiúil sa scoil agus go raibh áiseanna den chéad scoth ag an scoil. Taitníonn na ranganna beaga leo agus an caidreamh pearsanta a bhíonn idir múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí.

 

  1. Thug na múinteoirí le fios go nglacann na daltaí páirt ghníomhach san fhoghlaim agus go bhfuil siad bródúil as a gcuid oibre. Bíonn na daltaí ag dréim le bogadh ar aghaidh chuig an oideachas tríú leibhéil agus go bhfuil caidreamh maith idir na múinteoirí agus na daltaí. D’aithin na múinteoirí áfach, go raibh gá tuilleadh tacaíochta a thabhairt do scoláirí maidir le foghlaim go neamhspleách agus próisis eile foghlama.

 

  1. D’aithin cigirí na Roinne Oideachais agus Scileanna go raibh timpeallacht na foghlama sna seomraí ranga, ar pháisistí agus ar bhallaí na scoile an-spreagthach agus curtha i láthair go han-mhaith. Bhí saothar na ndaltaí ar taispeáint agus cuireadh béim ar shaintéarmaíocht a bhaineann leis na hábhair éagsúla ar na ballaí.

 

 

 

 

 

  1. Ar an iomlán, léirigh na tuismitheoirí agus na daltaí dearcadh dearfach ar obair na múinteoirí. Léiríodh cúpla miondeacracht a bhain le cleachtas múinteoirí agus leis an chóras iompraíochta.

 

  1. Dúirt na múinteoirí go raibh meas acu ar na daltaí agus go mbíonn siad ag dréim le caighdeán ard uathu. Mhaígh siad go raibh scileanna maithe cumarsáide agus múinteoireachta ag an fhoireann agus go n-ullmhaíonn na múinteoirí go maith dá gcuid gceachtanna, nótaí ranga agus acmhainní Gaeilge a ullmhú san áireamh. D’aithin siad áfach, go bhfuil gá le níos mó oibre a dhéanamh ar dhifreáil, critéir ratha, intinní foghlama agus ceisteoireacht éifeachtach. Tá éiteas an chomhoibrithe go láidir i measc na múinteoirí ach tá scóip fá choinne tógáil air.

 

  1. Thug bainistíocht na scoile le fios go bhfuil comhoibriú éifeachtach idir an Bord Bainistíochta agus an Príomhoide maidir le bainistíocht ar an fhoghlaim agus teagaisc sa scoil.

 

  1. Thug cigirí na Roinne Oideachais agus Scileanna le fios go raibh caighdeán na múinteoireachta idir maith agus an-mhaith sa scoil, go raibh réamhullmhúchán maith déanta ag múinteoirí, gur chuir siad acmhainní maithe ar fáil agus gur bhain siad úsáid éifeachtach as TFC. Dúradh go raibh ard-chaighdeán Gaeilge in úsáid ag múinteoirí sa chuid is mó de na ranganna. Mhol siad straitéisí teagaisc a bhí in úsáid ag múinteoirí agus moladh don scoil úsáid bhreise a bhaint as na straitéisí seo, go háirithe piarmheasúnú, obair ghrúpa eagraithe, difreáil agus measúnú chun foghlama.

 

 

 

 

 

 

 

  1. Dul chun cinn a rinneadh ar spriocanna feabhsúcháin a aithníodh roimhe seo

Chuir an scoil ocht sprioc roimpi féin i bPlean Feabhsúcháin Scoile 2016-2017:

  1. An meánmharc reatha sa scrúdú litearthachta a ardú go 63%.
  2. An leabhar téarmaíochta a bheith in úsáid in achan ábhar sa Chéad, Dara agus Tríú Bliain.
  3. Béim a chur ar cheartúsáid na hAimsire Fáistiní.
  4. An meánmharc reatha sa cheist ar chéadatáin sa scrúdú uimhearthachta a ardú go 43%.
  5. Béim a chur ar an chúig théarma aontaithe don Mhatamatic.
  6. Cur le timpeallacht ‘mata-chairdiúil’ na scoile.
  7. Go ndéanfadh gach múinteoir ‘measúnú ar an fhoghlaim’ ó bhéal ar a chuid daltaí uair amháin sa téarma.
  8. Go ndéanfadh gach múinteoir ‘measúnú chun foghlama’ ó bhéal ar a chuid daltaí dhá uair sa bhliain i ndiaidh na scrúduithe tí.

 

Níor éirigh leis an scoil Sprioc A a bhaint amach. Níor tháinig ardú ar an mheánmharc reatha, seasann sé fós ag 61.7%

D’éirigh go pointe leis an scoil Sprioc B a bhaint amach. Tá an leabhar téarmaíochta in úsáid sa Chéad agus sa Dara Bliain ach ní i ngach ábhar agus níl ach leath na múinteoirí á úsáid leis an Tríú Bliain. Tá obair fós le déanamh leis an sprioc seo a bhaint amach.

D’éirigh leis an scoil Sprioc C a bhaint amach. Tháinig méadú de 10.7% ar an mharc don Aimisr Fháistineach sa scrúdú litearthachta.

Níor éirigh leis an scoil Sprioc D a bhaint amach, seasann an meánmharc ag 35.33%

Tháinig ardú 16.6% ar líon na múinteoirí a bhain úsáid as na cúig théarma aontaithe don Mhatamatic. D’éirigh leis an scoil Sprioc E a bhaint amach.

Tá eolas i bhfoirm uimhriúil i 100% de na seomraí ranga. D’éirigh leis an scoil Sprioc F a bhaint amach.

D’úsáid 83.3% de na múinteoirí ‘measúnú ar an fhoghlaim’ ó bhéal níos mó ná dhá uair i rith na bliana. D’éirigh leis an scoil Sprioc G a bhaint amach.

Bain gach múinteoir sa scoil úsáid as ‘measúnú chun foghlama’ ó bhéal i ndiaidh scrúduithe tí nó scrúduithe ranga níos mó ná dhá uair i rith na bliana. D’éirigh leis an scoil Sprioc H a bhaint amach.

 

 

 

 

 

 

 

 

  1. Achoimre ar thátail na féinmheastóireachta scoile

4.1 láidreachtaí ag ár scoil sna hachair seo a leanas:

Litearthacht na Gaeilge

  1. Tá feabhas le feiceáil in úsáid na hAimsire Fáistiní.
  2. Tá na daltaí ábalta na téacsleabhair agus na múinteoirí a thuigbheáil go maith.
  3. Tá scileanna léitheoireachta sa Ghaeilge atá os cionn an mheáin náisiúnta ag 65.2% de na daltaí sa Chéad Bhliain.
  4. Tá polasaí litearthachta ann do gach ábhar agus tá téarmaíocht crochta in achan seomra.

 

Uimhearthacht

  1. Tá eolas i bhfoirm uimhriúil i ngach seomra ranga sa scoil
  2. Tá scileanna Matamataice atá os cionn an mheáin náisiúnta ag 81% de na daltaí sa Chéad Bhliain.
  3. Is maith le 80% de na daltaí an Mhatamatic mar ábhar.

 

Labharthacht

  1. Rinne achan mhúinteoir measúnú ó bhéal i rith na bliana, 83.3% de na múinteoirí dhá uair nó níos mó.
  2. Tá scileanna léitheoireachta sa Bhéarla atá os cionn an mheáin náisiúnta ag 75% de dhaltaí na Chéad Bhliana.
  3. Tá grúpa litearthachta bunaithe sa Chéad Bhliain le cuidiú le daltaí a bhfuil deacrachtaí acu.

 

Ginearálta

  1. Tá 81.1% de na daltaí sásta sa scoil agus bródúil as a gcuid oibre.
  2. Bíonn ionchais arda ag múinteoirí agus deir 89% de na daltaí gur mhaith leo cruthú go maith.
  3. Glacann sciar suntasach daltaí freagracht as a bhfoghlaim féin.
  4. Tá timpeallacht foghlama spreagthach sa scoil.
  5. Tá soláthar maith do Riachtanais Speisialta sa scoil.
  6. Tá an córas féinmheastóireachta ag obair go maith sa scoil.
  7. Tá caidreamh maith idir daltaí agus múinteoirí.
  8. Baintear úsáid mhaith as TFC sa scoil.
  9. Tá foireann láidir sa scoil.

 

4.2 Tá na hachair seo a leanas ina dtosaíochtaí feabhsúcháin

  1. Cur le húsáid an leabhair téarmaíochta i measc dhaltaí na Tríú Bliana.
  2. Níos mó seansanna a thabhairt do dhaltaí a bheith ag léamh os ard sa rang.
  3. Cur le líon na ndaltaí a shíníonn a gcuid scrúduithe le taispeáint go bhfuil seic déanta acu ar litriú agus gramadach.
  4. Tuilleadh oibre a dhéanamh chun cur le scileanna na ndaltaí maidir le húsáid céadatán.
  5. Béim a chur ar théarmaíocht na Matamataice, go háirithe ‘iolrú’ agus ‘méadú’.
  6. Tógáil ar obair atá déanta ar an mheasúnú.
  7. Béim a chur ar an difreáil mar straitéis teagaisc.
  8. Oiliúint a chur ar fáil do mhúinteoirí OSPS san Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta.
  9. Cur le cumarsáid inmheánach sa scoil.

4.3 Ní mór aghaidh a thabhairt ar na riachtanais reachtúla agus rialachais seo a leanas:

  • Tuismitheoirí mar chomhpháirtithe.

Plean Feabhsúcháin Scoile Choláiste Ailigh

Tá Coláiste Ailigh ag feidhmiú go maith ach aithnímid go bhfuil roinnt réimsí gur féidir linn mar fhoireann feabhas a chur ar ghníomhú na scoile.

Spriocanna Feabhsúcháin 2017-2018:

  • An meánmharc reatha sa scrúdú litearthachta a ardú go 63% (ag 61.7% faoi láthair)
  • Go n-ísleofaí an céadatán de dhaltaí nach bhfuil ag fáil seans a bheith ag léamh os ard sa rang (21%) faoi láthair.
  • Gach múinteoir a bheith ag úsáid an leabhair téarmaíochta nó modh eile dá gcuid féin leis na ranganna sóisearacha chun béim a chur ar cheartúsáid téarmaí.
  • An meánmharc reatha do chéadatáin sa scrúdú uimhearthachta a ardú ó 36% go 40%
  • Béim a chur ar an chúig téarma aontaithe don Mhatamataic, go háirithe ‘iolrú’ agus ‘méadú’.
  • Gach múinteoir sa scoil a bheith ag déanamh measúnú ar an fhoghlaim ó bhéal ar a laghad 2 uair sa bhliain.
  • Feabhas a chur leis an úsáid a bhaintear as difreáil i ranganna sa scoil.
  • Oiliúint chuí a chur ar mhúinteoirí OSPS.
  • Cur le cumarsáid inmheánach na scoile.

 

Gníomhaíochtaí a chuirfear i bhfeidhm:

GNÍOMH 1

Gníomh Leanfaidh an scoil ar aghaidh leis na beartais a bhí socraithe i bPlean Feabhsúcháin Scoile (2016-2017) don litearthacht [téarmaíocht, polasaí litearthachta, síniú na scrúduithe etc], ach go mbeadh an rogha ag múinteoirí téarmaíocht dá n-ábhar féin a chur ar fáil i gcóipleabhar nó fillteán ar leith.

Tabharfaidh gach múinteoir aird ar leith do sheans léitheoireachta os ard a thabhairt do gach dalta sa scoil.

Freagrach Gach múinteoir
Fráma Ama Meán Fómhair 2017 – Bealtaine 2018
Critéir Ratha Beidh feabhas i marcanna na scoláirí sa scrúdú litearthachta, ina gcuid obair scríofa agus ina litriú.

 

GNÍOMH 2

Gníomh Leanfaidh an scoil ar aghaidh leis na beartais a bhí socraithe i bPlean Feabhsúcháin Scoile (2016-2017) don uimhearthacht [dáta ar an chlár bhán, polasaí uimhearthachta, 5 téarma aontaithe don mhata, scoláirí ag oibriú a gcuid céadatán féin amach, eolas i bhfoirm uimhriúil sa seomra etc].

Cuirfear béim ar leith ar na téarmaí ‘iolrú’ agus ‘méadú’.

Freagrach Gach múinteoir
Fráma Ama Meán Fómhair 2017 – Bealtaine 2018
Critéir Ratha Beidh feabhas i marcanna na scoláirí sa scrúdú uimhearthachta.

 

 

 

 

GNÍOMH 3

Gníomh Dearfar postaeir ag míniú cén dóigh le céadatán a oibriú amach agus crochfar iad in áiteanna feiceálacha sna rangseomraí.
Freagrach An coiste uimhearthachta
Fráma Ama Meán Fómhair 2017
Critéir Ratha Tiocfaidh feabhas ar an mheánmharc reatha do chéadatáin sa scrúdú uimhearthachta.

 

GNÍOMH 4

Gníomh Socróidh na múinteoirí go mbeadh céadatán áirithe de na marcanna a bhronnfar ar dhaltaí na Chéad agus na Dara Bliana i scrúduithe na Nollag bunaithe ar eolas a thugann siad ó bhéal.
Freagrach Gach múinteoir
Fráma Ama Nollaig 2017-Eanáir 2018
Critéir Ratha Gheobhaidh na daltaí ar fad sa Chéad agus sa Dara Bliain seans a gcuid scileanna labharthachta a chleachtadh.

 

GNÍOMH 5

Gníomh Cuirfear bileog bunaithe ar Thacsanomaíocht Bloom le chéile do gach múinteoir a chuideoidh leo struchtúr a chur le measúnú a dhéanamh ó bhéal.
Freagrach Coiste Labharthachta
Fráma Ama Meán Fómhair 2017
Critéir Ratha Beidh sé níos fusa ar mhúinteoirí scrúduithe éifeachtacha ó bhéal a chur ar dhaltaí.

 

GNÍOMH 6

Gníomh Eagrófar ceardlann sa scoil ar dhifreálú, le béim ar mhodhanna teagaisc.
Freagrach An Príomhoide Tánaisteach
Fráma Ama Roimh dheireadh Mheán Fómhair 2017
Critéir Ratha Beidh múinteoirí na scoile eolach ar mhodhanna éagsúla chun difreáil a chur i bhfeidhm ina gcuid ranganna.

 

GNÍOMH 7

Gníomh Bainfidh gach múinteoir úsáid as ar a laghad modh amháin difreála ina chuid ranganna.

Socróidh gach Roinn sa scoil ar an mhodh is éifeachtaí don ábhar áirithe sin.

Freagrach Gach múinteoir
Fráma Ama Modh roghnaithe ag gach Roinn roimh an tSamhain 2017 agus le cur i bhfeidhm go dtí Bealtaine 2018.
Critéir Ratha Tiocfaidh feabhas ar mharcanna i scrúduithe na ndaltaí sin a bhfuil deacrachtaí ar leith acu.

 

 

 

GNÍOMH 8

Gníomh Cuirfear oiliúint ar fáil san Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta do mhúinteoirí OSPS
Freagrach An Príomhoide & An Príomhoide Tánaisteach
Fráma Ama Roimh Nollaig 2017
Critéir Ratha Beidh múinteoirí OSPS eolach agus inniúil i dteagasc an Chláir OCG

 

GNÍOMH 9

Gníomh Socrófar cruinniú le foireann meánbhainistíochta na scoile uair sa mhí.
Freagrach An Príomhoide
Fráma Ama Socróidh an PO tréimhse ama uair gach mí.
Critéir Ratha Tiocfaidh feabhas ar chumarsáid inmheánach sa scoil

 

Dátaí athbhreithnithe

Cuirfear ceistneoir/seicliosta chuig gach múinteoir i Mí na Samhna 2017 agus arís i mí Feabhra/Márta 2018 chun a gcuid tuairimí a fháil agus chun cuidiú le hathbhreithniú.

Déanfar athbhreithniú iomlán ar an phlean seo in Aibreán 2018.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Aguisín 1

Seicliosta Reachtaíochta agus Rialála

Saincheist Reachtaíocht, riail nó imlitir chuí An bhfuil an scoil an comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta, rialach nó imlitreach cuí? Mura bhfuil, luaigh go gcaithfear iad a fhorbairt
  2014-15 2015-16 2016-17  
Clárú bailí scoláirí M51/93  
Am sa scoil

– Fad na scoilbhliana (íosmhéid 167 lá do gach bliainghrúpa)

– Fad na scoilseachtaine (íosmhéid 28 uair an chloig do gach bliainghrúpa)

Imlitir M29/95  

 

Níl

 

 

 

 

 
Caighdeánú na scoilbhliana Ciorclán 034/2011  
Socruithe do chruinnithe idir múinteoirí agus tuismitheoirí agus cruinnithe foirne Imlitir M58/04  Tá  
Straitéis Náisiúnta Litearthachta a chur i bhfeidhm Ciorclán 25/12  
Comhaontú Pháirc an Chrócaigh i dtaca le ceanglas an ama bhreise a chur i ngníomh Ciorclán 025/2011  
Plean Scoile a chur le chéile Alt 21 den Acht Oideachais 1998  
Soláthar treorach i scoileanna dara leibhéal Imlitir PPT12/05, An tAcht Oideachais 1998 (alt 9(c))  
Plean treorach na scoile uile Alt 21 den Acht Oideachais 1998  
OSSP a sheachadadh ar gach rang sa tsraith shóisearach Imlitir M12/01 Imlitir M13/05  
Díolúine ar staidéar ar an nGaeilge Imlitir M1 0/94 N/B N/B N/B Ní bhaineann le hábhar
Struchtúir athbhreithnithe bainistíochta inscoile a chur i ngníomh Imlitir M29/02, Imlitir 21/98, Imlitir 30/97, Imlitir 29/97  
Maolú srianta ar phoist freagrachta a líonadh don scoilbhliain 2011/12 Ciorclán 53/11 N/B N/B N/B Ní bhaineann le hábhar
Comhaontú seirbhíse poiblí (Páirc an Chrócaigh) – cúntóirí riachtanas speisialta Ciorclán 71/11  
Tuismitheoirí ina gcomhpháirtithe san oideachas Imlitir M27/91  

 

Saincheist Reachtaíocht, riail nó imlitir chuí An bhfuil an scoil an comhlíonadh cheanglais na reachtaíochta, rialach nó imlitreach cuí? Mura bhfuil, luaigh go gcaithfear iad a fhorbairt

 

    2014-15 2015-16 2016-17  
Nósanna imeachta cosanta leanaí a chur i ngníomh Imlitir 65/11  
Eolas i dtaca le cosaint leanaí        
• Líon na gcásanna ar chuir an DLP tuairisc i dtaca le leanbh sa scoil faoi bhráid an HSE 1 0 0  
• Líon na gcásanna ar chuir an DLP tuairisc i dtaca le leanbh sa scoil faoi bhráid an HSE agus gur cuireadh an bord bainistíochta ar an eolas faoi 1 0 0  
• Líon na gcásanna ar lorg an DLP comhairle ón HSE agus nach ndearnadh aon tuairisc de bhun na comhairle sin 0 0 0  
• Líon na gcásanna ar lorg an DLP comhairle ón HSE agus nach ndearnadh aon tuairisc de bhun na comhairle sin agus gur cuireadh an bord bainistíochta ar an eolas faoi 0 0 0  
Nósanna imeachta chun gearán a dhéanamh a chur i bhfeidhm mar is cuí Alt 28 den Acht Oideachais 1998        
Eolas i dtaca le gearáin a rinne tuismitheoirí i rith na scoilbhliana.        
• Líon na ngearán oifigiúil a rinne tuismitheoirí

• Líon na ngearán oifigiúil a próiseáladh

• Líon na ngearán oifigiúil nár próiseáladh ina n-iomláine faoi dheireadh na scoilbhliana seo

1

1

0

0

0

0

1

0

1

 
Diúltú do chlárú Alt 29 den Acht Oideachais 1998        
Eolas i dtaca le hachomhairc a rinneadh de réir Alt 29 in éadan na scoile i rith na scoilbhliana seo

 

       
• Líon na gcásanna a tógadh in éadan na scoile faoi Alt 29 0 0 0  
• Líon na gcásanna a próiséaladh ag céim neamhfhoirmiúil

• Líon na gcásanna a éistíodh

• Líon na n-achomharc a ceadaíodh

• Líon na n-achomharc ar diúltaíodh dóibh

0

0

0

0

0

0

0

0

0

0

0

0

 

 

 

Scoláirí a chur ar fionraí Alt 29 den Acht Oideachais 1998  

 

 

 

1

0

1

0

1

 

 

 

 

0

0

0

0

0

 

 

 

 

1

0

1

0

1

 
Eolas i dtaca le hachomhairc a rinneadh de réir Alt 29 in éadan na scoile i rith na scoilbhliana seo.
• Líon na gcásanna a tógadh in éadan na scoile faoi Alt 29

• Líon na gcásanna a próiséaladh ag céim neamhfhoirmiúil

• Líon na gcásanna a éistíodh

• Líon na n-achomharc a ceadaíodh

• Líon na n-achomharc ar diúltaíodh dóibh

Scoláirí a dhíbirt ón scoil Alt 29 den Acht Oideachais 1998  

 

 

 

0

0

0

0

0

 

 

 

 

 

 

0

0

0

0

0

 

 

 

 

0

0

0

0

0

 
Eolas i dtaca le hachomhairc a rinneadh de réir Alt 29 in éadan na scoile i rith na scoilbhliana seo
•  Líon na gcásanna a tógadh in éadan na scoile faoi Alt 29

•  Líon na gcásanna a próiséaladh ag céim neamhfhoirmiúil

•  Líon na gcásanna a éistíodh

•  Líon na n-achomharc a ceadaíodh

•  Líon na n-achomharc ar diúltaíodh dóibh

 

 

Aguisín 2

Seicliosta Polasaithe

Polasaí Foinse An bhfuil an polasaí ceadaithe ag an Bhord Bhainistíochta? Muna bhfuil, cad iad na gnéithe atá le forbairt?
Polasaí rollaithe Alt 15 (2) (d) An tAcht Oideachais, 1998  
Cód iompair, polasaí frithbhulaíochta san áireamh. Imlitir 20/90

Treoirlínte na Roinne Oideachais ar Iompar Bulaíochta a chosc, 1993

Treoirlínte BNLO

Alt 23, An tAcht Leasa Oideachais 2000

 
Straitéis tinrimh agus Rannpháirtíochta. Alt 22, An tAcht Oideachais (Leas) 2000

Achtanna um Stádas Comhionann 2000 – 2011

 
Ráiteas Sláinte agus Slábháilteachta Alt 20, An tAcht Sláinte agus Sábháilteachta, 2005  
Cosaint Sonraí An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988

An tAcht um Chosaint Sonraí (Acht Leasaithe), 2003

 
Polasaí maidir le riachtanais speisialta oideachais. An tAcht Oideachais, 1998

Achtanna um Stádas Comhionann (2000 – 2011)

An tAcht Oideachais (Leas), 2000

An tAcht um Oideachas do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais (EPSEN), 2004

An tAcht Míchumais, 2005

 
Polasaí don Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta: Treoirlínte Polasaí (1997)  
Polasaí maidir le cosaint leanaí Imlitir 0065/2011  
Tuismitheoirí mar chomhpháirtithe Imlitir 24/91 Níl Ag tarlú ach níl aon pholasaí scríofa ann.
Comhaontú na seirbhíse poiblí (Páirc an Chrócaigh) – cúntóirí riachtanais speisialta.   Níl Ag cloí leis ach níl aon pholasaí scríofa ann.
Polasaí Staidéir    
Polasaí Gaeilge    
Polasaí Teagmhais Chriticiúla    
Polasaí Curaclaim Bhreise    
Polasaí Gearáin    
Polasaí Measúnaithe