Buaiteoirí ‘Dúshlán 50’! iPad an duine!

Ghlac muid páirt in ‘Dúshlán 50’, comórtas náisiúnta a bhí a reachtáil ag Conradh na Gaeilge. Bhí orainn 50 tasc ag baint leis an Ghaeilge a chomhlíniú taobh istigh de 50 uair an chloig. Bhí an éagsúlacht sna tascanna mar shampla d’aistrigh muid ár leathanaigh Facebook go Gaeilge, labhair muid ar Ráidió Fáilte, d’eagraigh muid céilí agus dúshlán mainicín le cuidiú ár gcomhscolairí, rinne muid teagmháil le polaiteoirí áitiúla maidir le ceist na Gaeilge agus go leor eile mar sin. Bhí achan rud a rinne muid le taifead ar Twitter. Cé go raibh muid iontach gnóthach agus faoi bhrú ama bhí craic ar dóigh againn agus tá muid ag súil go mór páirt a ghlacadh arís an bhliain seo chugainn!

Ross Ó Mearthaile, Iarlaith Mac Fhionnghaile agus Seán Ó Braoin.

Comhghairdeas don triúir a bhain iPad an duine agus don Mháistreas Uí Ghallachóir a stiúraigh na daltaí i dtreo na tascanna!