Pointí Eolais ón chruinniú den Bhord Bainistíochta ar an 7 Bealtaine 2019

Feitheoireacht: beidh muid ag tabhairt cuireadh do thuismitheoirí grinnfhiosrúchán a dhéanamh chun bheith ábalta cuidiú le feitheoireacht nuair atá foirne/grúpaí ag fágáil na scoile d’imeachtaí seach churaclaim.

Féile Pan Cheilteach: reáchtáladh na comórtais do chóir anseo i gColáiste Ailigh, bhí thar 300 duine páirteach sa chomórtas.  Ghabh an Príomhoide buíochas do Frank Ward, Johnny McGinty agus Sandra Higgins, foireann BAM as ucht an halla a eagrú don chomórtas.

Rith ar son Choláiste Ailigh: thréaslaigh an Bord Máistir Ó Maolagáin a chaith mí Aibreáin ag rith ar son foirne pheil na mban sa scoil agus ar mhaithe le hOspís Dhún na nGall, d’éirigh leis thar €4,000 a thiomsú don Ospís. Ar lá folláine san Ionad Oibre ar an 12 Aibreán, chuaigh an scoil iomlán amuigh ag siúl agus ag rith le Máistir Ó Maolagáin ar pháirc na scoile i rith an ranga deireanaigh.