Seaimpíní na hÉireann! Cailíní F19 Cispheil

Bua ag Coláiste Ailigh!

Comhghairdeas mór le foireann f19 na gcailíní sa chispheil a bhain cluiche ceannains na hÉireann 48 – 27 in éadan Laurel Hill, Luimneach, i dTeamhlacht inné! Cluiche iontach leis an foireann uilig ag taispeáint spiorad ar dóigh agus an dian-thréanáil atá curtha isteach thar na blianta, chomh maith leis an chomhairle agus spreagadh ó chóitseálaí Linda Nic Aonghusa agus Máistir Ó Comháin le feiceáil tríd an cluiche uilig! Bua iontach don fhoireann agus don scoile! Comhghairdeas le Shannon Ní Chuinneagáin ar a mbronnadh an duais don Imritheoir is Luachmara.