Pointí Eolais ón chruinniú den Bhord Bainistíochta ar an 26 Feabhra 2019:

Tuairisc an Phríomhoide:

Thréaslaigh an Bord daltaí na scoile, agus na múinteoirí ag obair leo, as ucht na gnóthachtálacha i réimse leathan imeachtaí:

Ceol

Trí chraobh na hÉireann bainte ag daltaí Choláiste Ailigh, agus dalta amháin sa dara háit ag comórtas náisiúnta Scléip, eagraithe ag Gael Linn i mí Eanáir.  Ghlac daltaí páirt i gcomórtas Siansa i Muineachán i mí Feabhra.

Spórt:

Craobh na hÉireann bainte ag foireann na mban f16 i gcispheil

Craobh an Chontae f19 ag foireann na ngasúr i bpeil Ghaelach

Craobh Uladh ag foireann na mban f20 i bpeil Ghaelach

Craobh Uladh ag foireann sacair na mban f17

Craobh Uladh le himirt ag foireann sacair na mban f15 ar an tseachtain seo chugainn

Babhta Uladh ag teacht aníos d’fhoireann na ngirseach sa dara bliain i dtras tíre

Blitz Rugbaí an Chontae bainte ag gasúraí f14

Caint Phoiblí: ghlac daltaí páirt sa chomórtas réigiúnach d’Abair a reáchtáladh anseo i gColáiste Ailigh.

Poetry Aloud: i ndiaidh an babhta réigiúnach i gColáiste Ailigh san Fhómhair, ghlac triúr dalta páirt i gComórtas Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.

Turais:

Thaistil 7 ndalta agus múinteoir go Rudolstadt sa Ghearmáin, a bhfuil clár cleamhnais aontaithe le Leitir Ceanainn.

Thaistil 25 dalta agus beirt mhúinteoir go dtí an Bhulgáir ar turas sciála i mí Feabhra.

Beidh 14 dalta i St Louis, SAM ar feadh 3 sheachtain, ag freastal ar scoil ansin.

Eolaí Óg 2019: bhí 7 dtionscnamh ag Coláiste Ailigh agus tháinig muid abhaile le trí dhuais, agus bhí lúcháir orainn gur bronnadh an gradam don tionscadal is fearr ag Eolaí Óg as Gaeilge orainn don dara bliain as a chéile

Tinreamh 2019/20: beidh thar 50 dalta sa chéad bhliain i 2019/20.

Cigireachtaí i gCosaint Leanaí: ghlac an Bord le treoracha na Roinne Oideachais agus Scileanna a eisíodh ar na mallaibh.

CUMANN na dTuismitheoirí: thug Áine Nic Phaidín tuairisc faoi obair an Chumainn faoi láthair, ina measc pléadh cumann obair bhaile, pacáil mála agus oíche ghaelach.  Tá an Cumann iontach sásta le hobair agus le himeachtaí taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga, agus thréaslaigh an Cumann na daltaí agus na múinteoirí.

Foireann Teagaisc: bhí cnuas cruinnithe le múinteoirí ó 4 scoil eile sa chontae ar an 15 Eanáir i gColáiste Ailigh i dtaobh chreat úr don sraith shóisearach, agus beidh lá traenála ar an 11 Márta ar Theagasc, Foghlaim, Measúnú agus Tuairisciú.