Tosóidh cleachtaí Dé hAoine seo chugainn, an 5ú lá, don seó scoile ‘Réaltaí Ailigh’ a bheidh ar siúl ar an 22/23 Deireadh Fómhair. Fáilte roimh gach dalta páirt a ghlacadh sa seó. Más mian le do pháiste páirt aonair a ghlacadh, beidh éisteachtaí ar siúl an tseachtain seo chugainn don cheol, don drámaíocht agus don damhsa.
Rehearsals begin next Friday 5th for our school show ‘Réaltaí Ailigh’ which runs on 22/23 October. All students are welcome to take part in the show. If your child wishes a solo part, auditions take place next week for music, drama & dance.
Bhain scoláirí Choláiste Ailigh 2025–26 scoth na dtorthaí amach inniu – torthaí a léiríonn an obair dhícheallach, an tiomantas agus an tacaíocht leanúnach a cuireadh ar fáil dóibh le linn a gcuid scolaíochta anseo i gColáiste Ailigh.
Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar na scoláirí seo a leanas a shaothraigh os cionn 600 pointe ; Eoghan Ó Fearáin, Pilib Mac Aoidh Dualtach Ó Ruartaigh agus Harry de Bláca éacht thar barr ar fad a léiríonn sármhaitheas acadúil agus dúthracht den scoth. 🌟
Tá an coláiste thar a bheith bródúil as ár scoláirí go léir. Gabhaimid buíochas ollmhór lenár bhfoireann iomlán a thacaigh go mór lena scoláirí i rith a gcuid ama anseo i gColáiste Ailigh.
🙌🥳🏆🥇 Bua ag Coláiste Ailigh sa Sacar! Imríodh Cluiche Ceannais Uladh do Bhuachaillí Scoileanna inniu i Radharc na Leice i Leitir Ceanainn. Bhí an Bua ag foireann Choláiste Ailigh in éadan PS Fál Carrach. Ba é Jimmy Stafford, Uachtarán Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, a bhronn na boinn, sa phictiúr anseo leis an dá chaptaen foirne. Comhghairdeas mór lenar ngasúirí inniu agus buíochas le Colm Mac Daibhéid as ucht an stiúradh agus spreagadh a thug sé don fhoireann. 🙌🥳🏆🥇
Beidh Sinéad Ní Shiadhail, Blaithín Ní Earáin agus Ella Kate Nic Giolla Easpaig ag imirt i gcluiche ceannais mionúr Camógaíochta Uladh ar an Domhnach in éadan Thír Eoghain i gCLG Éadan na dTorc.
Ádh mór orthu agus gach rath orthu sa chluiche! 💪💚💛
Rinne daltaí na h-idirbhliana bronnadh ar dhá charthanas inniú tar éis airgead a thógáil ag Margadh na Nollag. Tá’n bronnadh seo i ndil chuimhne ar Fionn s’againne a d’imigh uainn ar an 30/11/24. Bronnadh €800 ar Pieta House agus €400 ar Divine Mercy Centre.
Sa ghrianghraf tá Kian Mac an Fhleastair, Emma Ní Cheallaigh agus Fianna Ní Ghallachóir.
Is mór dúinn an obair uilig atá déanta ag Cumann na dTuismitheoirí go dtí seo. Ar an drochuair tá roinnt dár gcoiste ag críochnú suas ar an choiste. Ar son phobal Coláiste Ailigh guímid buíochas mór do na baill uilig, atá ag críochnú as bhur n-obair uilig le blianta anuas.
Dá bhrí sin, tá cuidiú de dhíobháil orainn agus ag Cumann na dTuismitheoirí. Tá fáilte roimh thuismitheoir/chaomhnóir ar bith ar mhaith leo bheith mar bhall de Chumann na dTuismitheoirí teacht chuig an chruinniú ar an 12/02/2025.